An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr mac Neasa"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: no:Conchobar mac Nessa
naisc eile
Líne 1:
Rí ar [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] ab ea '''Conchúr mac Neasa'''. De réir traidisiúin bhí sé ar dhuine de na ríthe ba chumasaí sa tír, ach níl aon fhianaise stairiúil ann faoi mar gur mhair sé sa [[tréimhse réamhChríostaíréamh-Chríostaí]]. [[An Chraobh Rua]] a tugadh ar na saighdiúirí a bhí aige. Cathbhad a bhí ina dhraoi aige, agus tráth ar rugadh leanbh thuar an draoi go mbeadh sí níos áille ná bean ar bith eile in [[Éire|Éirinn]], go bpósfadh Conchúir í, agus go mbeadh brón agus ár ann dá bharr. Dá bhrí sin thug sé [[Deirdre]] (brón) mar ainm uirthi. Insítear a scéal in [[Oidheadh Chlainne Uisnigh]]. Ba le linn Chonchúir a tháínigtháinig [[Cú Chulainn]] i méadaíocht agus tá a chuid eachtraí siúd agus eachtraí eile le fáil s[[Táin Bó Cúailgne|an Táin]]. Tugtar an [[Rúraíocht]] ar an sraith scéalta a chuireann síos ar réim Chonchúir mhic Neasa.
 
== Bás Chonchúir mhic Neasa ==
 
De réir an tseanchais, fuair Conchúr bás ar an gcéad [[Aoine an Chéasta|Aoine Chéasta]] de bharr na feirge a tháinig air nuair a insíodh dó go raibh Mac Dé tar éis a bheith curtha chun báis. Bhí Conchúr tinn an uair sin de bharr liathróid chatha a bhí sáinnithe ina cheann. Bhí an liathróid sin déanta as inchinn [[Meas Geaghra|Mheas Geaghra]], a meascadh le beagán aoil chun liathróid bheag chrua a dhéanamh. Is é [[Conall Cearnach]] a mharaigh Meas Geaghra agus a rinne an liathróid inchinne, cé gur [[Cead mac Mághach]] a scaoil an liathróid le Conchúr agus cath ar siúl idir na [[Connachta]] agus na hUlaidh. Chuaigh an liathróid i sáinn i gcloigeann Chonchúir mhic Neasa agus dúirt na lianna leis gur baol go bhfaigheadh sé bás dá mbainfí an liathróid as a chloigeann. Thairis sin, bheadh ar an rí gach strus, stró, agus brú a sheachaint mar d'fhéadfadh an liathróid léim óna chloigeann de bharr an iomarca struis.
 
Ar Aoine Chéasta, tháinig dorchadas sa spéir agus uraíodh an ghrian. D'fhiafraigh Conhchúr dá lucht draíochta cén t-údar a bhí leis an dorchadas. Nuair a mhínigh siad dó go raibh Mac Dé á mharú, chaill Conchúr a mheabhair gur chuaigh sé amach sa choill ag leagan crann gan stad agus a rá gur mar sin a leagfadh sé naimhde Mhic Dé ach an deis a bheith aige. De bharr an struis ar fad, léim an liathróid inchinne as a chloigeann agus fuair sé bás i bhfaiteadh na súl.