An difríocht idir athruithe ar: "Mikhail Lermontov"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Mikhail lermontov.jpg|deas|200px|thumb|Mikhail Yuryevich Lermontov sa bhliain 1837]]
Duine de scríbhneoirí clúiteacha na [[an Rúis|Rúise]] a bhí i '''Mikhail Yuryevich Lermontov''', a tháinig chun saoil i [[Moscó]] ar an [[15 Deireadh Fómhair]] [[1814]], agus a fuair bás sna sléibhte i gcóngar do [[Pyatigorsk]] ar an [[27 Iúil]] [[1841]]. Bhí sé ina shaighdiúir i [[Sléibhte Cugais|sléibhte Chugais]], agus na téamaí [[réigiún Cugais|Cugasacha]] an-tábhachtach ina chuid [[litríocht|scríbhneoireachta]]. Chum sé úrscéalta[[úrscéal]]ta freisin, ach ba é ''Geroy nashego vremeni'' ("Laoch ár Linne") an t-aon cheann a chríochnaigh sé. Úrscéal tragóideach é faoi shaighdiúir Rúiseach, fear uasal a mhothaíonn nach bhfuil áit cheart ar fáil dó sa saol. Tugann an t-úrscéal cur síos dúisitheach ar Shléibhte Chugais freisin, idir radharcra, nósanna, agus mhuintir.
 
==Saol==
 
Saolaíodh Mikhail Lermontov i Moscó do lánúin uasal as cúige [[Tula]], agus d'fhás sé aníos i mbaile beag i gcúige [[Penza]]. Tá cuma choimhthíoch neamh-Rúiseach ar an sloinne sin Lermontov, agus deirtear gur sliocht sleachta iad muintir Lermontov do shaighdiúir [[Albain|Albanach]] - Gallóglach, go bunúsach - a shocraigh síos sa Rúis sa [[17ú haois|seachtú haois déag]]. Tá an scéal ann freisin gur duine den mhuintir chéanna a bhí i Thomas Learmonth, an [[filíocht|file]] Albanach, nó ''Thomas the Rhymer'', a bhí beo sa tríú haois déag. Ní féidir an ráiteas seo a bhréagnú ná a dheimhniú inniu, áfach.
 
Oifigeach in arm an [[Impireacht na Rúise|Impire]] ab ea athair Mhikhail, an Captaen Yuri Lermontov. Ní raibh i máthair an fhile, Mariya Arsenyeva ach déagóir mná nuair a phós an Captaen í, agus ní raibh a máthair-se sásta leis an gcleamhnas seo. Deir an seanchas go mbíodh Elizaveta, máthair Mhariya, agus an Captaen Lermontov riamh in achrann a chéile, agus gur luigh an síor-easaontas sa bhaile chomh dona ar néaróga Mhariya is gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás nuair nach raibh an buachaill ach trí bliana d'aois. Ina dhiaidh sin, rinne Elizaveta úillín óir de Mhikhail óg, agus í síorbhuartha go mbogfadh an Captaen leis agus go sciobfadh sé an mac uaithi. Ní dheachaigh an pheataireacht agus an teannas sa bhaile go rómhaith i bhfeidhm ar charachtar an bhuachalla, agus rinneadh ógánach idir eaglach agus shotalach de. Bhíodh sé ag déanamh loitiméireachta i ngairdín a mháthara móire fosta.
 
Nuair a bhí sé óg, ba mhaith leis a bheith ag éisteacht le scéalta faoi eachtraí na heisreachtaithe chois [[An Volga|abhainn Volga]]. In aois a dheich mblian dó thóg sé tinneas scamhóg, agus ansin, thug Elizaveta go dtí Cugas é, áit a raibh an aeráid níos fabhraí dó. Ghlac sé grá don réigiún, agus bhí an-ról ag Cugas ina chuid scríbhneoireachta.
 
D'fhoghlaim Mikhail [[Fraincis]], [[Béarla]] agus [[Gearmáinis]] sa bhaile ó mhúinteoirí príobháideacha. Bhí an Béarla agus saothar [[George Gordon Byron|Byron]] díreach ag éirí faiseanta, agus thaitin Byron go mór mór le Mikhail óg. Sa bhliain 1828 a thosaigh sé ag staidéar sa mheánscoil, agus san am sin bhí sé "pósta ar leabhar filíochta Byron", mar a dúirt Ekaterina Khvostovaya, bean a raibh nóisean ag Mikhail di san am. (Thiomnaigh Mikhail cúpla dán ón tréimhse seo d'Ekaterina.) San am seo, d'éirigh an fear óg ina ghoineadóir déanta a raibh nimh ina chuid cainte don duine nár thaitin leis. Thosaigh sé ag tarraingt scigphictiúr fosta, agus ba mhinic a chuireadh sé nath gonta greannmhar leis an scigphictiúr a rinne sé de dhuine éigin.
 
I Lúnasa 1830, chuaigh Mikhail Lermontov ag staidéar in Ollscoil Mhoscó. Bhí athrú tagtha ar mo dhuine san am seo, agus chuaigh sé go dona i bhfeidhm ar a athair, ó bhí coimhthíos mór eatarthu anois. Fuair an t-athair bás go gairid ina dhiaidh sin, rud a ghoill go mór ar Lermontov óg, mar is léir ó na dánta a scríobh sé san am.
Líne 16:
Níor fhan Mikhail óg i bhfad i mbun staidéir ach an oiread. D'fhreastlaíodh sé go dílis ar na léachtanna, ach ní thugadh sé aird ar na hollúna - bhíodh sé ag léamh leabhar le linn an léachta. Ní raibh sé páirteach i saol caidreamhach na mac léinn ach an oiread. D'éirigh sé as i ndiaidh dhá bhliain a chaitheamh in ainm a bheith ag foghlaim léinn.
 
D'éirigh ní b'fhearr leis sa scoil mhíleata, agus bhain sé amach coimisiún oifigigh sa deireadh. San am chéanna bhí sé ag scríbhneoireacht go dúthrachtach freisin. Nuair a fuair [[Aleksandr Pushkin]], file mór na linne, bás i gcomhrac aonair sa bhliain 1837, scríobh Lermontov dán fíochmhar faoi chinniúint an cheannródaí filíochta[[filíocht]]a, ag milleánú an Impire agus lucht a chúirte faoi bhás Pushkin. Bhí an tImpire an-mhíshásta leis an dán, agus thug sé ar an bhfile aghaidh a thabhairt ar Chugas agus cogadh a chur ar na bundúchasaigh ansin. Bhí Lermontov breá sásta leis an díbirt seo, áfach, chomh doirte is a bhí sé do Chugas ó bhí sé ina bhrín óg.
 
Ceadaíodh dó filleadh ón díbirt leis na blianta 1838-39 a chaitheamh i Moscó agus i gCathairg[[Cathair Pheadair]], ach níor thaitin caidreamh éadrom na maithe is na móruasal leis. Thit sé i ngrá le bean uasal darbh ainm Varvara Lopukhina, ach níor fhreagair sise a chuid mothúchán. Sa deireadh, bhí comhrac aonair aige le mac an ambasadóra Fhrancaigh, agus gearradh tréimhse nua deoraíochta dó. Mar sin, chuaigh sé ar ais go Cugas, agus ghlac sé páirt sa chogaíocht ansin arís.
 
Comhrac aonair ba trúig bháis do Lermontov freisin. Bhí sé ag scríobh dánta scigiúla i gcónaí, agus ghoill ceann acu ar dhuine de na hoifigigh eile chomh dona agus gur thug sé cuireadh chun comhraic don fhile. Níor dhruid Lermontov ó spairn lann ná ó chomhrac aonair riamh, agus mar sin, mharaigh an fear eile - an Maor Nikolay Martynov - é i bPyatigorsk ar an 25 Iúil 1841. Deirtear gurbh í rúnseirbhís an Impire a mhol do Martynov an cuireadh comhraic a thabhairt do Lermontov.
Líne 24:
== Sliocht as saothar Lermontov ==
 
Seo an brollach a chuir Lermontov lena úrscéal. (Panu Höglund a d'aistrigh ón [[Rúisis.]]):
:''Tús agus deireadh don leabhar a brollach: b'fhéidir gur míniú é seo ar an dóigh a ndeachaigh an t-údar i mbun pinn an chéad uair, b'fhéidir gur iarracht atá ann freagra a thabhairt do cheisteanna an léirmheastóra roimh ré. An chuid is mó de na léitheoirí, áfach, is cuma leo faoi spreagadh mhorálta an údair is faoin gcineál íde bhéil is gnách le lucht na nuachtán a thabhairt dá chéile; mar sin, is rogha leo gan bacadh leis an réamhrá. Is trua sin, áfach, inár dtír féin ach go háirithe. Bíonn na léitheoirí chomh soineanta is nach mbainfidís aon chiall as gnáthscéal suain do na páistí ach an ceacht morálta a bheith curtha ar a súile dóibh sa deireadh. Níl siad in ann an magadh a thuiscint ná an íoróine a aithint: níl aon oiliúint cheart orthu. Ní thuigeann siad go fóill nach gceadaítear eascainí loma i measc daoine dea-mhúinte ná i leabhar dea-scríofa. Níl a fhios acu an lann is géire atá ag lucht na dea-bhéasaíochta, an lann mharfach faoi cheilt a fhágann goin fhrithir dholeigheasta ina diaidh. Tá ár gcuid léitheoirí cosúil leis an trudaire tuaithe a shíleann, i ndiaidh comhrá aon bheirt taidhleoirí ó stáit naimhdeacha a chloisteáil dó, go bhfuil gach duine acu meáite ar fheall a dhéanamh ar a thír féin, ó b'olc an seanadh a mhalairt.''
 
Líne 34:
 
{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Lermontov, Mikhail}}
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Rúiseacha|Lermontov,Mikhail]]
[[Catagóir:Daoine as Moscó|Lermontov,Mikhail]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1814|Lermontov,Mikhail]]
[[Catagóir:Básanna i 1841|Lermontov,Mikhail]]
 
[[ar:ميخائيل ليرمنتوف]]