An difríocht idir athruithe ar: "Kristallnacht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 146-1970-041-46, Berlin, Synagoge Fasanenstraße.jpg|miniatur|hochkant=1.5|An Sionagóg Ortadocsach Ohel Jakob , Herzog-Rudolf-Straße, [[Münc...'
(No difference)

Leagan ó 20:58, 15 Nollaig 2010

Is éard a bhí i gceist le Kristallnacht, nó Oíche na Gloine Briste, ar a dtugtar freisin Reichskristallnacht, Pogromnacht, agus Novemberpogrome, ná pogram nó sraith d'ionsaithe i gcoinne na nGiúdach ar fud Ghearmáin na Naitsithe agus páirteanna na hOstaire ar an 9-10 Samhain, sa bhliain 1938.

An Sionagóg Ortadocsach Ohel Jakob , Herzog-Rudolf-Straße, München, tar éis an t-ionsaí ar an 9 Samhain, 1938

Scriosadh tithe Giúdacha maille le siopaí, bailte agus sráidbhailte, nuair a d'ionsaigh baill den fhórsa paraimíleatach (Gearmainis: Sturmabteilung) agus sibhialtaigh foirgnimh le cheapoird, ag fágáil na sráideanna clúdaithe le píosaí de fuinneoga briste- bunús an téarma "Oíche na Gloine Briste." Maraíodh 91 Giúdach, agus glacadh 30,000 Giúdach fireannn - an ceathrú cuid d'fhir Giúdacha na Gearmáine - chuig sluachampaí géibhinn, áit ar céasadh iad ar feadh tréimhse míosa, le os cionn 1,000 duine acu ag fáil bháis. Scriosadh timpeall 1,668 sionagóg, agus loisceadh 267 dóibh. Sa Vín, scriosadh 95 sionagóg nó tithe urnaí.