An difríocht idir athruithe ar: "Maud Gonne"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: it:Maud Gonne
+ íomhá
Líne 1:
[[File:Maud GonneMaudgonne.jpg|thumb|Maude Gonne]]
Ba réabhlóidí [[Éire]]annach í '''Maud Gonne MacBride''' (Gaeilge: ''Maud Nic Ghoinn, Bean Mhic Giolla Bhríde'', [[21 Nollaig]] [[1866]] – [[27 Aibreán]] [[1953]]) a rugadh i [[Sasana]], feimineach agus aisteoir, ach clú is mó uirthi de bharr an chaidrimh shuaite a bhí aici le [[William Butler Yeats]]. B’Angla-Éireannaigh a muintir agus is mar sin a tógadh í ach chuaigh cruatan na ndíshealbhaithe i rith [[Conradh na Talún#Cogadh na Talún|Cogadh na Talún]] go mór i bhfeidhm uirthi agus thaobhaigh sí le Náisiúnachas Éireannach. Bhí sí an-ghníomhach i ngníomhachtaí [[Rialtas Dúchais]].
 
Líne 6:
 
==Trodaí ar son na saoirse==
[[File:Maud Gonne.jpg|thumb|]]
 
Sa bhliain 1882 cuireadh a hathair a bhí mar oifigeach in arm Shasana go [[Baile Átha Cliath]]. Bhog sí in éindí leis go Baile Átha Cliath agus d’fhan sí leis go dtí a bháis. D’fhill sí ar [[an Fhrainc]] tar éis tréimhse eitinne agus thit sí i ngrá le hiriseoir agus polaiteoir den eite dheis, Lucien Millevoye. D’aontaigh sí go dtroidfidís ar son shaoirse na hÉireann agus chun sealbh a fháil ar Alsace – Lorraine ar son na Fraince. D’fhill sí ar Éirinn agus d’oibrigh sí go dúthrachta le príosúnaigh pholaitiúla Éireannacha a shaoradh ó phríosún.