An difríocht idir athruithe ar: "Faireog thíoróideach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Thyroid gland-ga.svg|thumb|280px|An Fhaireog Thíoróideach]]
 
Is ceann de na faireoga incríneacha is mó sa [[corp|chorp]] í an '''Fhaireog Thíoróideach'''. Tá an fhaireog seo suite sa scornach faoi bhun an [[An tÚll Brád|Úill Bhráid]] agus a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna leis an [[loingeán criocóideach]]. Tá sí ar chruth féileacáin agus tá sí lonnaithe chun tosaigh sa mhuineál. Rialaíonn an fhaireog seo cé chomh gasta is a dhónn an corp fuinneamh, bíonn sí freagrach as [[próitéin]]í a dhéanamh agus as leibhéal cheimiceáníogaireacha an choirp do [[hormón|hormóin]] eile. Glacann an tíoróideach páirt sna próisis seo trí hormóin tíoróideacha a tháirgeadh ag baint úsáide as an [[iaidín]], ach go háirithe [[Tíorocsaín|tíorocsaín]] (T4) agus [[Trí-iadaitíoróinín|trí-iadaitíoróinín]] (T3). Rialaíonn na hormóin seo an bunráta meitibileach agus téann siad i bhfeidhm ar an ráta fáis agus feidhme a lán córas eile sa chorp. Úsáidtear [[Iaidín|iaidín]] agus [[Tirisín|tirisín]]
chun T3 agus T4 araon a dhéanamh. Táirgíonn an fhaireog thíoróideach an hormón cailceatoinin freisin,
a ghlacann páirt in hoiméastáis chalciam.
 
==Rialú na Faireoige==
Tá an fhaireog thíoróideach rialaithe ag an [[An Hipeatalamas|hipeatalamas]] agus an [[An Piotútach|piotútach]].
Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad [[An Hipirtíoróideach|an hipirtíoróideach]] (tíoróideach róghníomhach ) agus [[An Hipitíoróideacht|an hipitíoróideacht]] (tíoróideach gannghníomhach ) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach.