An difríocht idir athruithe ar: "Antaibheathach"

Content deleted Content added
No edit summary
m r2.5.2) (róbat ag mionathrú: el:Αντιβιοτικό; cosmetic changes
Líne 1:
Is éard atá i gceist le h'''antaibheathach''' (ón [[tSean-Ghréigis]] ντί – anti, "frith", and βίος – bios, "beatha") ná [[Cógas|druga]] a mharaíonn nó a chuireann bac ar fhás na m[[baictéar]]. (Tugtar "Frithbheathach" orthu chomh maith sa Ghaeilge) Tá tábhacht ar leith ag baint leo sa leigheas. Is iomaí antaibheathach atá in úsáid sa lá atá inniu ann, mar shampla [[peinicillin]], [[vancomycin]], [[gentamicin]].
 
Chum [[Selman Waksman]] an téarma "antaibheathach" sa bhliain 1942 le cur síos a dhéanamh ar aon ábhar a chruthaíonn miocrorgánach a chuireann i gcoinne fhás aon mhicrea-orgánaigh eile nuair a bhíonn caolúchán ard de ann. Níor chuir an sainmhíniú bunaidh substaintí arbh ann dóibh go nádúrtha is a mharaigh baictéir ach nár tháirg miocorgánaigh iad san áireamh([[súlach gastrach]] agus [[sárocsaíd hidrigine]] mar shamplaí) agus níor chuir sé cumaisc shintéiseacha fhrithbhaictéaracha san áireamh ach oiread, leithéidí na [[sulfónaimídí]]. Is iomaí antaibheathach ar mhóilíní beaga iad a bhfuil meáchan móilíneach níos lú ná 2000 [[aonad maise admhaí]] acu. Agus [[Ceimic an Leighis]] ag feabhsú i gcónaí, tá an chuid is mó de na hantaibheathaigh anois ina cumaisc ar rinneadh modhnú ceimiceach leath-shintéiseach orthu, le hiad a athrú ó na bunábhair ar féidir teacht orthu go nádúrtha, is amhlaidh an cás leis na [[béite-lactaim]](áirítear na penicilliní, a tháirgeann [[fungais]] de chuid na fine [[Penicillium]], na [[ceifileaspóiriní]] agus na [[carbaipeineimí]] sa ghrúpa seo). Déantar roinnt antaibheathach a tháirgeadh is a aonrú ó orgánaigh bheo, ar nós na n-[[aimínighliocóisídí]], agus cruthaíodh roinnt eile fós trí bhealaí iomlán sintéiseacha: na sulfónaimídí, na [[cuinealóin]], agus na [[ocsasolaideanóin]]. Anuas ar rangú seo a dhéanann antaibheathaigh a roinnt idir cinn nádúrtha, cinn leathshintéiseacha is cinn atá go hiomlán sintéiseach, déantar iad a roinnt in dhá ghrúpa leathan ó thaobh na héifeachta a bhíonn acu ar mhicrea-orgánaigh; Iad siúd a mharíonn baictéir is oibreáin bhaictéiricídeacha iad, ach na cinn nach ndéanann ach fás na mbaictéar a chosc tugtar oibreáin bhaictéarastatacha orthu.
 
== Stair na n-Antaibheathach ==
Bhí an chuid is mó de chóireálacha leighis roimh thús an fhichiú chéid bunaithe ar an leigheas béaloideasúil. Bhí cóireálacha d'ionfhabhtaithe a raibh airí frithmhíocróbacha acu i mórán de phobail ársa an domhain, cinn ar rinneadh cur síos orthu breis is 2000 bliain ó shin. Bhain roinnt mhaith de na pobail seo, na h[[Éigiptigh ársa]] agus na [[Gréigigh ársa]], úsáid as [[caonaigh]] agus plandaí le cúram a thabhairt d'ionfabhtaithe. Tháinig fionnachtain na n-antaibheathach nádúrtha a tháirgeann miocrorgánaigh chun cinn tar éis obair a rinneadh roimhe sin ar antabóis idir miocrorgánaigh. D'aithin [[Louis Pasteur]] an tábhacht a bhain leis seo is dúirt "dá bhféadfaimis idirghabháil a dhéanamh san fhreasaitheacht a fheictear idir roinnt baictéar, go mbeadh sin mar an dóchas is mó ó thaobh na teiripice de"
 
Thosaigh ceimiteiripe na n-antaibheathach sintéiseacha mar eolaíocht agus forbairt na n-antaibheathach go ginearálta sa Ghearmáin le [[Paul Erhlich]], eolaí leighis as an nGearmáin san 1880dí déanacha. Cortha cinniúna i bhforbairt na n-antaibheathach ba ea an iarracht a rinneadh le tuiscint a fháil ar an eolaíocht ba bhun leis na galair, chomh maith le forbairt na ceimiteirpe antaibheathaí sintéisí, is aonrú na n-antaibheathach féin. Tugadh antabóis orthu ar dtús, ba dhrugaí iad a ghníomhaigh i gcoinne na mbaictéar. Ba é an baictéar-eolaí Francach [[Vuillemin]] a spreag úsáid an téarma seo: antabóis, a chiallaíonn 'i gcoinne na beatha', de bharr go ndearna seo cur síos ar fheiniméan marfach na ndrugaí seo. Rinneadh an chéad chur síos ar antabóis i mbaictéar sa bhliain 1877 nuair a d'aithin Louis Pasteur agus [[Robert Koch]] go bhféadfadh bachaillín aeriompartha fás an Bhachaillín ''Bacillus anthracis'' a chosc. Rineadh na drugaí seo a athainmniú mar antaibheathaigh ag Selman Waksman, micreabhitheolaí Meiriceánach sa bhliain 1942.
Rinneadh cur síos ar fhreasaitheacht Penicillium spp. den chéad uair i Sasana ag [[John Tyndall]] sa bhliain 1875.
 
 
== Dinimicí Cógasaíocha Frithmhícróbach ==
==Ranganna Antaibheathach==
== Táirgeadh ==
==Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach==
 
Líne 18:
{{commonscat|Antibiotics|Antaibheathaigh}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:antaibheathaighAntaibheathaigh| ]]
 
[[af:Antibiotikum]]
Line 33 ⟶ 34:
[[da:Antibiotikum]]
[[de:Antibiotikum]]
[[el:ΑντιβιoτικόΑντιβιοτικό]]
[[en:Antibacterial]]
[[eo:Antibiotiko]]