An difríocht idir athruithe ar: "Oíche Chinn Bliana"

Content deleted Content added
Ag athdhíriú go Oíche na Coda Móire
No edit summary
Líne 1:
'''Oíche na Coda Móire''' a thugtaí go minic ar [[Oíche Chinn Bliana]], nó Oíche Chaille mar a thugtar air freisin. Is í an oíche seo oíche dheireanach na bliana agus tosaíonn an bhliain nua ar a dó dhéag a bhualadh don chlog.
#REDIRECT[[Oíche na Coda Móire]]
 
Ba mhó an fhéile seo i measc Ghaeil na [[Albain|hAlban]] ná i measc na [[Éire|nÉireannach]], ach bhí roinnt traidisiúin ag baint leis an oíche seo in Éirinn mar sin féin. Tugtar "Oíche na Coda Móire" ar an oíche mar gur síleadh gur cheart go leor bia (.i. "cuid mhór") a chaitheamh i rith na hoíche chun a chinntiú go mbeadh a dhóthain bia ag gach duine den teaghlach i rith na bliana seo chugainn. Ar ndóigh, ba gheas aon bhia a thabhairt amach as an teach i rith na hoíche.
 
Mar chuid den cheiliúradh, chaitheadh fear nó bean an tí císte--bairín breac de ghnáth--in aghaidh an phríomhdhorais tar éis don duine an rann seo nó a leithéid a rá:
 
:Fógraímid an gorta/
:Amach go tír na dTurcach/
:Ó anocht go bliain ó anocht/
:is ó anocht féin amach.
 
Legan eile den rann seo, nach bhfuil chomh dian ar na Turcaigh, ná:
 
:An donas amach/
:A's an sonas isteach,/
:Ó anocht go bliain ó anocht,/
:In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naomh,
:Amen.
 
D'itheadh an teaghlach an císte briste i ndiaidh an tsearmanais bhig seo.
 
In áiteacha, tá an chuma ar an scéal go ndéantaí an bairín breac a chaitheamh in aghaidh an dorais ar [[Nollaig na mBan]]. D'éag an traidisiún seo thart ar lár na fichiú haoise, cé go bhfuil cuid de na nósanna ag teacht ar ais i measc teaghlaigh a bhfuil suim acu sa gcultúr dúchasach.
 
[[Catagóir:Féilire]]