An difríocht idir athruithe ar: "Conradh Verdun"
Content deleted Content added
ceartúcháin bheaga |
No edit summary |
||
Líne 2:
Chuir '''Conradh Verdun''' ([[Verdun-sur-Meuse]], Lúnasa 843) clabhsúr le [[Cogadh Cathartha na gCairilínseach]] a bhí ag dul ar aghaidh ar feadh trí bliana. Socrú a bhí ann idir triúr mac marthanach an rí [[Louis an crábhaigh|Louis I]] na [[an Acatáin|hAcatáine]] (nó ''Louis an Chrábhaigh''), mac agus comharba [[Séarlas Mór|Charlemagne]], a roinn críocha na hImpireachta Cairilínsí i dtrí ríocht idir garmhic Shéarlais Mhóir.
Nuair a bhfuair Louis an Chrábhaigh bás sa bhliain 840, d'éiligh [[Lothair I]], a mhac ba shine, ardtiarnas thar 'ríochtaí’ a dheartháireacha agus thacaigh sé le h-éileamh a nia [[Pépin II]], gur cheart dó bheith ceaptha ina [[Rí na hAcatáine]], cúige ar mhór in iarthair na Fraince. Nuair a bhfuair a chuid deartháireacha [[Ludwig na
Bhí gach ceann de na deartháireacha réamhbhunaithe cheana féin i ríocht amháin - Lothair san Iodáil, Louis na Gearmáine sa [[An Bhaváir|Bhaváir]], agus Séarlas Maol san [[An Acatáin|Acatáin]]. De réir na socraíochta, choinneáil Lothair , (a bhí ainmnithe mar “ comh-Impire” cúig bliana roimhe sin) a theideal mar ‘an tImpire’ agus:
* Fuair Lothair an chuid lárnach den Impireacht – [[na Tíortha faoi Thoinn]], [[Lorraine]], [[an Alsáis]], [[an Bhurgúin]], [[Provence]], agus [[Ríocht na hIodáile]] (a chlúdaigh an leath thuaidh de Leithinis na hIodáile), ar a dtugtar [[an Fhrainc Láir]] (Laidin: ''francia media'') uirthi ina iomláine. Fuair sé freisin an dá chathair impiriúil, [[Aachen]] agus an[[ Róimh]]. Ina theannta sin, fuair sé an teideal impiriúil, ach níor thug sé seo dó ach ardcheannas ainmniúil ar thailte de chuid a dheartháireacha.
* Fuair Ludwig na Gearmáine líomatáiste an oirthir. Ráthaíodh go mbeadh na tailte go léir ar taobh thoir na Réine agus i dtuaisceart agus in oirthear na hIodáile aige, a tugadh [[an Fhrainc Thoir]] (Laidin: regnum francorum orientalium) uirthi agus a bhí ina réamhtheachtaí don [[Impireacht Naofa Rómhánach]] as ar eascair [[an Ghearmáin]] nua-aimseartha .
* Fuair Séarlas Maol líomatáiste an iarthair, as ar eascair [[an Fhrainc]] níos deireanaí ina dhiaidh sin. Deonaíodh Ríocht na hAcatáine ar Phépin II, ach amháin go mbeadh sé fós faoi údarás Shéarlais. Fuair Séarlas na tailte ar bhruach thiar [[an Róin |na Róine]], ar a dtugtar an Fhrainc Thiar (Laidin:. francia occidentalis).
[[Catagóir:Ríshliocht Cairilínseach]]
|