An difríocht idir athruithe ar: "Conradh Verdun"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
* Fuair Lothair an chuid lárnach den Impireacht – [[na Tíortha faoi Thoinn]], [[Lorraine]], [[an Alsáis]], [[an Bhurgúin]], [[Provence]], agus [[Ríocht na hIodáile]] (a chlúdaigh an leath thuaidh de Leithinis na hIodáile), ar a dtugtar [[an Fhrainc Láir]] (Laidin: ''francia media'') uirthi ina iomláine. Fuair sé freisin an dá chathair impiriúil, [[Aachen]] agus an[[ Róimh]]. Ina theannta sin, fuair sé an teideal impiriúil, ach níor thug sé seo dó ach ardcheannas ainmniúil ar thailte de chuid a dheartháireacha.
 
* Fuair Ludwig na Gearmáine líomatáiste an oirthir. Ráthaíodh go mbeadh na tailte go léir ar taobh thoir na Réine agus i dtuaisceart agus in oirthear na hIodáile aige, a tugadh [[an Fhrainc Thoir]] (Laidin: ''regnum francorum orientalium'') uirthi agus a bhí ina réamhtheachtaí don [[Impireacht Naofa Rómhánach]] as ar eascair [[an Ghearmáin]] nua-aimseartha .
 
* Fuair Séarlas Maol líomatáiste an iarthair, as ar eascair [[an Fhrainc]] níos deireanaí ina dhiaidh sin. Deonaíodh Ríocht na hAcatáine ar Phépin II, ach amháin go mbeadh sé fós faoi údarás Shéarlais. Fuair Séarlas na tailte ar bhruach thiar [[an Róin |na Róine]], ar a dtugtar an Fhrainc Thiar (Laidin:. francia occidentalis).
 
Géill Lothair an Iodáil chuig a mhac ba shine [[Ludwig II]] sa bhliain 844, a dhéanamh ina chomh-Impire sa bhliain 850. Fuair Lothair bás sa bhliain 855, agus roinneadh a ríocht i dtrí chuid: na críocha a bhí ag Ludwig cheana féin d'fhan siad leis , deonaíodh na críocha a bhain le iar-Ríocht na Burgúine ar a thríú mhac, sé sin [[Charles de Provence]], agus an chríoch a bhí fágtha ar a dhara mhac, sé sin [[Lothair II]]. Gaireadh 'Lotharingie' (Laidin: ''regnum Lotharii'') ina dhiaidh sin ar an ndúiche seo a bhí gan ainm go dtí sin .