An difríocht idir athruithe ar: "Tiarna na bhFáinní"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:AnneauUnique.png|thumb|240px|An Fáinne Mór. Ar an bhfáinne, tá na focail seo greanta i dTeanga Dhubh Sauron: ''Ash nazg durbatulûk, ash nazg gimbatul, ash nazg thrakatulûk agh burzum-ishi krimpatul'' - aon fháinne amháin le hiad a aimsiú, aon fháinne amháin le hiad a rialú, aon fháinne amháin leis an oíche a tharraingt orthu agus le hiad a cheangal den dorchadas.]]
[[Úrscéal]] eipiciúil fantaisíochta is ea é '''Tiarna na bhFáinní''' ([[Béarla]]: ''The Lord of the Rings'') leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna [[J. R. R. Tolkien]]. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don ''[[An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís|Hobad]]'', a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é ''Tiarna na bhFáinní'' a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta [[1937]] agus [[1949]], cuid mhaith de i mblianta an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar é sna blianta [[1954]] agus [[1955]]. Le fírinne, ní mar thríológ a scríobh Tolkien é ar dtús, agus chuir sé as dó go gcaithfí an leabhar a fhoilsiú san fhoirm seo, ach ní bheadh sé praiticiúil ag an teach foilsitheoireachta an t-iomlán a chur i gcló faoi chlúdach aon leabhair amháin, san am. Ó sin i leith, is iomaí eagrán nua a tógadh den leabhar, agus haistríodh é go hocht dteanga déag is fiche, ar a laghad. Áirítear ar ceann d'úrscéalta móra na fichiú haoise é.
 
Tá an scéal suite i ndomhan arb ionann é, ar bhealach, agus an domhan s'againn, ach san am céanna, is domhan é a bhí ann in aois réamhstairiúil nach bhfaca ina diaidh ach macallaí doiléire. Ní hionann an mapa féin sa domhan seo agus inár ndomhan féin. Bhain Tolkien leas as a lán miotaseolaíochtaí le stair an domhain seo a sceitseáil. Mar shampla, tá tagairt ann do mhiotas Atlantis, ar thug sé Númenor air sa scéal seo. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinní amach, bhí Númenor imithe le fada, agus a mhuintir socraithe síos sa [[An Meán-Domhan (Tolkien)|Mheán-Domhan]], mar a thug Tolkien ar an ilchríoch arb í príomhláthair na n-imeachtaí í - ''Middle-earth'' as Béarla. Tá an t-ainm seo bunaithe ar ''Middangeard'' an tSean-Bhéarla agus ar ''Miðgarður'' na hÍoslainnise. Sin é an t-ainm a thug miotaseolaíocht an dá theanga seo ar an domhan inar chónaigh an cine daonna.