An difríocht idir athruithe ar: "Séamas III, Rí na nAlbanach"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 13:
|rítheaghlach =[[Stiúbhartach]]
|}}
 
Ba é '''Séamas III''' (10 Iúil 1451 - 11 Bealtaine 1488) Rí na nAlbannach idir na blianta 1460 agus 1488. Ní raibh gnaoi na ndaoine air ná cumas ceannais ann toisc gur leasc leis an dlí a chur i bhfeidhm go cothrom, go ndeachaidh sé i bpáirt le Sasana agus go raibh sé féin agus beagnach gach duine dá mhuintir in árach a chéile.
 
Mhaslaigh roinnt croinicithe déanacha é agus tuairim acu gur mhó an dúil a bhí aige i gceol agus a leithéid ná i gcúrsaí sealgaireachta agus cogaidh. D'fhág seo clú air mar an chéad rí Albannach de chuid na hAthbheochana, ach níor mhór an pátrún ealaíne é le hais Shéamas IV agus Shéamas V.
 
==Óige==
|[[File:StAndrewsCastle.JPG|thumb|clé|Caisleán Naomh Aindrias i bhFíobha]]
Rugadh é do Shéamas II agus do Mháire ó Guelders. Níl sé cinnte cá háit nó cén uair ar rugadh é. Deir Norman Macdougall, an beathaisnéisí is déanaí, gur rugadh é i ndeireadh Mhí na Bealtaine 1452 i gCaisleán Naomh Aindrias i bhFíobha. Lean sé a athair ar 3 Lúnasa 1460 agus i gceann seachtaine gairmeadh rí de i Mainistir Chealsaidh i Rosbrog.
 
Nuair a bhí sé óg tháinig trí fhaicsean i réim i ndiaidh a chéile: baicle Mháire ó Guelders, máthair an Rí (1460-1463) (a thóg Burg Berwick ar ais i seilbh na hAlban ar feadh tamaillín); baicle Shéamais Cinnéide, Easpag Naomh Aindrias, agus Ghilbeirt, an chéad Tiarna Chinnéide (1463- 1466); agus baicle Roibeird, an chéad Tiarna Boyd (1466-1469).
[[Image:Kelso Abbey 2.jpg|thumb|deas|190px|Túr thiar Mhainistir Chealsaidh (ag féachaint anoir aneas air).]]
 
==Baicle Boyd==
Tharraing baicle Boyd gráin orthu féin, agus gráin an Rí go háirithe, toisc a shantaí a bhí siad. Bronnadh teideal Iarla Arainn ar Thomás, mac an Tiarna Boyd, agus phós sé Máire, deirfiúr an Rí. Shocraigh muintir Boyd cleamhnas an Rí le Mairéad na Danmhairge, iníon Christian I na Danmhairge, sa bhliain 1469. Fuarthas Inse Orc agus Sealtainn mar gheallta le spré Mhairéad, agus sa bhliain 1470 ghabh Séamas na hoileáin isteach i Ríocht na hAlban.
 
==Pósadh==
Phós Séamas Mairéad na Danmhairge i Mí Iúil 1469 i Mainistir na Croise i nDún Éideann. Rugadh triúr mac:
*Séamas IV na hAlban
*Séamas Stíobhard, Diúc Rosa
*Eoin Stíobhard, Iarla Mhárr (d'éag 1503)
 
D'éirigh idir Séamas agus muintir Boyd i ndiaidh na bainise. Tharla béim síos do Roibeard agus do Thomás agus iad imithe thar tír amach leis an mBanphrionsa Máire i mbun taidhleoireachta. Cuireadh pósadh Mháire ar neamhní sa bhliain 1473. Mharaigh Séamas muintir an Ridire Alasdar Boyd sa bhliain 1469.
 
==Caidreamh agus cogadh le Sasana==
 
Le linn na 1470í bhí fonn ar Shéamas ionradh a dhéanamh ar an Mór-Roinn, agus é á cháineadh sa Pharlaimint dá bharr.
 
Ansin chuaigh an Rí i gcomhar le Sasana agus socraíodh go bpósfadh Séamas, a mhac (a ngairmfí Séamas IV feasta de), Sisile ó Eabhrac, iníon Éadbhard VI Shasana agus Elizabeth Woodville. Chuir seo olc ar mhórán daoine ar chúiseanna stairiúla, gan trácht ar na cánacha a gearradh chun íoc as an mbainis.
 
D'éirigh idir an Rí agus a dheartháracha: Alasdar Stíobhard, Diúc Albany agus Eoin Stíobhard, Irala Mhárr. Cailleadh Márr go hamhrasach i nDún Éideann sa bhliain 1480 agus coigistíodh a chuid tailte. Cuireadh i leith Albany go raibh sé ciontach as tréas agus as an gcomhaontas le Sasana a bhriseadh, agus thug sé an Fhrainc air féin.
 
Bhí an comhaontas sin lag go leor faoin am seo; thosaigh troid fhánach, agus sa bhliain rinne Éadbhard IV Shasana ionradh ceart. Bhí Albany (a thug "Alasdar IV" air féin) in éineacht leis, agus nuair a thug Séamas iarracht ar an bhfód a sheasamh rug baicle uaisle air ag Droichead Labhdair sa bhliain 1482. Cuireadh i gCaisleán Dhún Éideann é agus tháinig rialtas nua ann faoi cheannas Albany. Theip ar na Sasanaigh an caisleán a ghabháil cheal airgid agus d'fhill siad abhaile.
[[Image:Lochmaben Castle.jpg|thumb|190px|left|Caisleán Loch Mhabain]]
D'éirigh le Séamas baill de rialtas Albany a cheannach, agus chuir Albany colg ar Sheoirse Gordon, Iarla Huntly agus uasal cumhachtach, nuair a d'éiligh sé Iarlacht Mhárr. Faoi dheireadh chuaigh Albany chun Sasana agus thug faoi ionradh eile a dhéanamh ar Albain ag Loch Mhabain sa bhliain 1484, iarracht ar theip uirthi. Maraíodh Albany le linn giústála i bPáras sa bhliain 1485.
 
==Bás==
[[File:CambuskennethGrave.jpg|thumb|Leac chuimhneacháin Shéamais ag Mainistir Chamas Sgeanail]]
Lean Séamas air ag treabhadh an iomaire chéanna. Dhiúltaigh sé an tír a shiúl chun an dlí a chur i bhfeidhm agus d'fhan i nDún Éideann, agus lean sé air ag iarraidh dul i gcomhar le Sasana. Thit sé féin agus Mairéad, a bhí ina cónaí i Sruighlea, amach le chéile agus bhí míghnaoi ag teacht aige ar an mac ba shine aige. An dara mac ab ansa leis.
 
Ghéaraigh an míshásamh chun cogaidh sa bhliain 1488 nuair a thug sé a aghaidh ar uaisle mídhílse ag Cath Bhúrn na Sailighe. Orthu sin bhí an mac ba shine aige. Buadh ar Shéamas agus is dócha gur maraíodh sa troid é. (Níl aon fhianaise ann gur maraíodh go fealltach é, mar a deir croinicithe éigin, ná gur theith sé ón ármhá.)
 
Níor mheatachán é Séamas, agus pé dúil a bhí aige i gceol ba bhreá leis comhrac. Cuireadh é ag Mhainistir Chamas Sgeanail.
 
==Naisc eachtracha==
*[http://www.findagrave.com/cgi-bin/fg.cgi?page=gr&GRid=8607685 Séamas III in Find-A-Grave]
*[http://www.englishmonarchs.co.uk/stewart_5.htm Stair mhaisithe Shéamas III]
 
 
Ba é '''Séamus III''' (10 Iúil, 1451 - 11 Meitheamh, 1488) Rí na nAlbanach ó 1460-1488. Ní raibh meas ná éifeachtacht aige de bharr gur dhuine é nár thoil leis ceartas a riaradh go cóir, toisc an polasaí a bhí aige comhghuaillíocht a leanúint le Ríocht Shasana, agus an droch-chaidreamh tubaisteach a bhí aige le beagnach gach duine ina theaghlach sínte.
[[Catagóir: Ríthe na nAlbanach|Séamas III, Rí na nAlbanach]]
[[Catagóir:Monarcaí]]