An difríocht idir athruithe ar: "Séamas III, Rí na nAlbanach"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 14:
|}}
Ba é '''Séamas III''' (10 Iúil 1451 - 11 Bealtaine 1488) Rí na nAlbannach idir na blianta 1460 agus 1488. Ní raibh gnaoi na ndaoine air ná
Mhaslaigh roinnt croinicithe déanacha é agus tuairim acu gur mhó an dúil a bhí aige i gceol agus a leithéid ná i gcúrsaí sealgaireachta agus cogaidh.
==Óige==
|[[File:StAndrewsCastle.JPG|thumb|clé|Caisleán Naomh Aindrias i bhFíobha]]
Rugadh é do Shéamas II agus do Mháire ó Guelders
Nuair a bhí sé óg tháinig trí fhaicsean i réim i ndiaidh a chéile: baicle Mháire ó Guelders, máthair an Rí (1460-1463) (a thóg Burg Berwick ar ais i seilbh na hAlban ar feadh tamaillín); baicle Shéamais Cinnéide, Easpag Naomh Aindrias, agus Ghilbeirt, an chéad Tiarna Chinnéide (1463- 1466); agus baicle Roibeird, an chéad Tiarna Boyd (1466-1469).
[[Image:Kelso Abbey 2.jpg|thumb|deas|190px|Túr thiar Mhainistir Chealsaidh (ag féachaint anoir aneas air).]]
==
==Pósadh==
Líne 34:
*Eoin Stíobhard, Iarla Mhárr (d'éag 1503)
==Caidreamh agus cogadh le Sasana==
Líne 40:
Le linn na 1470í bhí fonn ar Shéamas ionradh a dhéanamh ar an Mór-Roinn, agus é á cháineadh sa Pharlaimint dá bharr.
D'éirigh idir an Rí agus a dheartháracha: Alasdar Stíobhard, Diúc Albany agus Eoin Stíobhard,
Bhí an comhaontas sin lag go leor faoin am seo; thosaigh troid fhánach, agus sa bhliain rinne Éadbhard IV Shasana ionradh ceart. Bhí Albany (a thug "Alasdar IV" air féin) in éineacht leis, agus nuair a thug Séamas iarracht ar an bhfód a sheasamh rug baicle uaisle air ag Droichead Labhdair sa bhliain 1482. Cuireadh i ngéibheann i gCaisleán Dhún Éideann é agus tháinig rialtas nua ann faoi cheannas Albany. Theip ar na Sasanaigh an caisleán a ghabháil cheal airgid agus d'fhill siad abhaile.
[[Image:Lochmaben Castle.jpg|thumb|190px|left|Caisleán Loch Mhabain]]
D'éirigh le Séamas baill de rialtas Albany a cheannach, agus chuir Albany colg ar Sheoirse Gordon, Iarla Huntly agus uasal cumhachtach, nuair a d'éiligh sé Iarlacht Mhárr. Faoi dheireadh chuaigh Albany chun Sasana agus thug faoi ionradh eile a dhéanamh ar Albain ag Loch Mhabain sa bhliain 1484, iarracht ar theip uirthi. Maraíodh Albany le linn giústála i bPáras sa bhliain 1485.
Líne 52:
Lean Séamas air ag treabhadh an iomaire chéanna. Dhiúltaigh sé an tír a shiúl chun an dlí a chur i bhfeidhm agus d'fhan i nDún Éideann, agus lean sé air ag iarraidh dul i gcomhar le Sasana. Thit sé féin agus Mairéad, a bhí ina cónaí i Sruighlea, amach le chéile agus bhí míghnaoi ag teacht aige ar an mac ba shine aige. An dara mac ab ansa leis.
Ghéaraigh an míshásamh chun cogaidh sa bhliain 1488 nuair a thug sé a aghaidh ar uaisle mídhílse ag Cath Bhúrn na Sailighe. Orthu sin bhí Séamas, an mac ba shine aige. Buadh ar Shéamas III agus is dócha gur maraíodh sa troid é. (Níl aon fhianaise ann gur maraíodh go fealltach é, mar a deir croinicithe éigin, ná gur theith sé ón ármhá.)
Níor mheatachán é Séamas, agus pé dúil a bhí aige i gceol ba bhreá leis comhrac. Cuireadh é ag Mhainistir Chamas Sgeanail.
Líne 59:
*[http://www.findagrave.com/cgi-bin/fg.cgi?page=gr&GRid=8607685 Séamas III in Find-A-Grave]
*[http://www.englishmonarchs.co.uk/stewart_5.htm Stair mhaisithe Shéamas III]
[[Catagóir: Ríthe na nAlbanach|Séamas III, Rí na nAlbanach]]
|