An difríocht idir athruithe ar: "Séamas III, Rí na nAlbanach"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 20:
==Óige==
|[[File:StAndrewsCastle.JPG|thumb|clé|Caisleán Naomh Aindrias i bhFíobha]]
Rugadh é do Shéamas II agus do Mháire ó Guelders, cé nach fios go cinnte cá háit cén uair. Deir Norman Macdougall, an beathaisnéisí is déanaí, gur rugadh é i ndeireadh Mhí na Bealtaine 1452 i gCaisleán Naomh Aindrias i bhFíobha. Lean sé a athair ar 3 Lúnasa 1460 agus i gceann seachtaine gairmeadh rí de i Mainistir Chealsaidh i Rosbrog.
 
Nuair a bhí sé óg tháinig trí fhaicsean i réim i ndiaidh a chéile: baicle Mháire ó Guelders, máthair an Rí (1460-1463) (a thóg Burg Berwick ar ais i seilbh na hAlban ar feadh tamaillín); baicle Shéamais Cinnéide, Easpag Naomh Aindrias, agus Ghilbeirt, an chéad Tiarna Chinnéide (1463- 1466); agus baicle Roibeird, an chéad Tiarna Boyd (1466-1469).