An difríocht idir athruithe ar: "Conradh Verdun"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) m MOS |
mNo edit summary |
||
Líne 14:
Ghéill Lothair an Iodáil chuig a mhac ba shine [[Lughaidh II]] sa bhliain 844, a dhéanamh ina chomh-Impire é sa bhliain 850. Fuair Lothair bás sa bhliain 855, agus roinneadh a ríocht i dtrí chuid: na críocha a bhí ag Ludwig cheana féin d'fhan siad leis , deonaíodh na críocha a bhain le iar-Ríocht na Burgúine ar a thríú mhac, sé sin [[Charles de Provence]], agus an chríoch a bhí fágtha ar a dhara mhac, sé sin [[Lothair II]]. Gaireadh 'Lotharingie' (Laidin: ''regnum Lotharii'') ina dhiaidh sin ar an ndúiche seo a bhí gan ainm go dtí sin.
De réir go raibh Lughaidh II míshásta toisc nach bhfuair sé breis críche tar éis bás a athair , chuaigh sé i gcomhghuaillíocht leis a uncail
Fuair Lothair II bás sa bhliain 869 gan aon oidhrí dlisteanacha aige, agus roinneadh a ríocht idir Séarlas Maol agus Lughaidh Gearmánach sa bhliain 870 faoi [[Conradh Meerssen |Chonradh Mheerssen]]. Idir an dá linn, bhí Ludwig na Gearmáine gafa le díospóidí lena triúr mac. Fuair Ludwig II bás sa bhliain 875, agus ainmníodh [[Karlmann]], (Laidin: ''Karlomannus rex''), mac ba shine an rí, ina oidhre. Corónaíodh Séarlas Maol, le tacaíocht an Phápa, ina Rí na hIodáile agus ina Impire Naofa Rómhánach araon. An bhliain ina dhiaidh sin, fuair Lughaidh Gearmánach bás. Rinne Séarlas iarracht a ríocht a nasc-ghabháil freisin, ach buadh air go cinntitheach ag [[Andernach]], agus roinneadh Ríocht bhFranc san oirthear (sé sin an Fhrainc Thoir) idir Lughaidh III (nó ''Lughaidh Óg'') , Karlmann na Baváire agus Karl III (nó ''Karl ramhar'') (Laidin:'' Carolus Pinguis'').
|