An difríocht idir athruithe ar: "Conradh Verdun"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 12:
* Fuair Séarlas Maol líomatáiste an iarthair, as ar eascair [[an Fhrainc]] níos deireanaí ina dhiaidh sin. Deonaíodh Ríocht na hAcatáine ar Phépin II, ach amháin go mbeadh sé fós faoi údarás Shéarlais. Fuair Séarlas na tailte ar bhruach thiar [[an Róin |na Róine]], ar a dtugtar an [[Ríocht Iar-Fhrancach]] (Laidin:. ''francia occidentalis'').
 
Ghéill Lothair an Iodáil chuig a mhac ba shine [[Lughaidh II]] sa bhliain 844, a dhéanamh ina chomh-Impire é sa bhliain 850. Fuair Lothair bás sa bhliain 855, agus roinneadh a ríocht i dtrí chuid: na críocha a bhí ag LudwigLughaidh cheana féin d'fhan siad leis , deonaíodh na críocha a bhain le iar-Ríocht na Burgúine ar a thríú mhac, sé sin [[Charles de Provence]], agus an chríoch a bhí fágtha ar a dhara mhac, sé sin [[Lothair II]]. Gaireadh 'LotharingieLotharingia' (Laidin: ''regnum Lotharii'') ina dhiaidh sin ar an ndúiche seo a bhí gan ainm go dtí sin.
 
De réir go raibh Lughaidh II míshásta toisc nach bhfuair sé breis críche tar éis bás a athair , chuaigh sé i gcomhghuaillíocht leis a uncail Lughaidh Gearmánach i gcoinne a dheartháir Lothair agus a uncail Séarlas Maol sa bhliain 858. Réitigh Lothair lena dheartháir agus a uncail go gairid i ndiaidh sin , cé go raibh drochmheas ar Shearlas ionas nach bhféadfadh sé arm a thógáil le dul i ngleic leis an ionraidh agus theith sé go dtí an Bhurgúin; shábháil na heaspaig é áfach nuair a dhiúltaigh siad an choróin a bhronnadh ar Lughaidh Gearmánach. Rinne Séarlas Maol ionradh ar Ríocht na Burgúine de chuid Charles de Provence sa bhliain 860, ach theip air agus bhí sé ruaigthe as. Ghéill Lothair II tailte chuig Lughaidh II sa bhliain 862 ionas go bhfaigheadh sé tacaíocht uaidh chun a bhean chéile a cholscaradh, rud a thionscain coimhlintí arís agus arís eile leis an Phápa agus a uncail. Fuair Charles de Provence bás sa bhliain 863, agus fuair Ludwig II a ríocht.
 
Fuair Lothair II bás sa bhliain 869 gan aon oidhrí dlisteanacha aige, agus roinneadh a ríocht idir Séarlas Maol agus Lughaidh Gearmánach sa bhliain 870 faoi [[Conradh Meerssen |Chonradh Mheerssen]]. Idir an dá linn, bhí Ludwig na Gearmáine gafa le díospóidí lena triúr mac. Fuair Ludwig II bás sa bhliain 875, agus ainmníodh [[Karlmann]], (Laidin: ''Karlomannus rex''), mac ba shine an rí, ina oidhre. Corónaíodh Séarlas Maol, le tacaíocht an Phápa, ina Rí na hIodáile agus ina Impire Naofa Rómhánach araon. An bhliain ina dhiaidh sin, fuair Lughaidh Gearmánach bás. Rinne Séarlas iarracht a ríocht a nasc-ghabháil freisin, ach buadh air go cinntitheach ag [[Andernach]], agus roinneadh Ríocht bhFranc san oirthear (sé sin an Fhrainc Thoir) idir Lughaidh III (nó ''Lughaidh Óg'') , Karlmann na Baváire agus Karl III (nó ''Karl ramhar'') (Laidin:'' Carolus Pinguis'').
[[Catagóir:Ríshliocht Cairilínseach]]
[[Catagóir:Stair na Fraince]]