An difríocht idir athruithe ar: "Meitreo Pháras"

Content deleted Content added
Líne 50:
=== Ticéid ===
 
Tugtar "t+" ar an ngáth-thicéad. Tá sé bailí do thuras leanúnach amháin. Féadfar é a úsáid ar an ngréasán mheitreo iomlán, ar bhusanna, ar thramanna agus i gcrios 1 den ghréasán RER. Ceadaítear leis an ticéad aistrithe neamtheoranta a dhéanamh agus an modh iompair céanna á úsáid (i.e. ó mheitro go meitro, ó bhus go bus agus ó thram go tram). Ceadaítear chomh maith aistrithe neamtheoranta a dhéanamh idir bus agus tram, agus idir meitreo agus crios 1 den ghréasán RER. Agus ag aistriú ó mheitreo go dtí an RER, caithfear an ticéad a choimeád. Ceanglaíonn an RER go mbeadh ticéad bailí ag paisinéirí chun dul isteach sa chóras, fiú má do thuras aistrithe amháin é. Cosnaíonn an ticéad seo 1,60€ nó 11,60€ do "carnet" (sin deich dticéad i leabhar). <ref>http://www.ratp.info/informer/ticket_t_plus.php</ref> Níl aon theorainnteorainn ama ag baint leis an "carnet".
 
Úsáidtear an Carte Navigo go heisiatach ag táillí eile. Sin cárta cliste éadadhaill atá bunaithe ar aitheantas radaimhinicíochta (RFID).