An difríocht idir athruithe ar: "Iarnród"

Content deleted Content added
No edit summary
 
m nascanna
Líne 1:
Ráillí iarainn a leagtar ar an talamh mar bhealach taistil do thraenacha. Tugtar 'Bóthar Iarainn' (chemin de fer) ar an iarnród chomh maith. Bíonn trasnáin idir na ráillí chun iad a choinneáil comhthreomhar lena chéile, agus ba d'adhmaid a rinnneadh iad sin ar dtús, ach úsáidtear stroighean agus cruach chomh maith. Córas éifeachtach sábháilte é de ghnáth chun daoine agus earraí a iompar idir bailte móra. Tá stáisiúin mhóra ar fud an domhain ina dtagann na hiarnróid le chéile, agus is minic go mbíonn an stáisiún traenach ina fhoirgneamh an-suntasach.
 
Bhíodh ráillí á n-úsáid mar chabhair chun earraí troma a bhrú ó áit fiú in aimsir na SeanGhréige, ach ba san [[18ú haois]] a rinneadh d'iarann iad chun trucail a bhrú nó a tharraingt le capaill i [[Sasana]]. Ba in [[1804]] a úsáideadh inneal gaile den chéad uair ar ráillí, agus leath an córas ar fud Shasana agus [[An Eoraip|na hEorpa]] go mear ina dhiaidh sin.
 
Bhí na hiarnróid an-tábhachtach i bhforbairt na mórchumhachtaí impiriúla, [[An Bhreatain]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], [[An Rúis]], agus tíortha nach iad, mar go bhféadfaí saighdiúirí agus lón cogaidh a bhogadh go mear trasna tíre nó go calafoirt.