An difríocht idir athruithe ar: "Banc Angla-Éireannach"

no edit summary
({{bosca sonraí}})
No edit summary
líonláithreán = [http://www.angloirishbank.ie/ AngloIrishBank.ie] |
}}
Is banc [[Éire|Éireannach]] é '''Banc Angla-Éireannach''' ('''Anglo-Irish Bank''' sa [[Béarla|Bhéarla]]). Tá ceannáras an bhainc lonnaithe i m[[Baile Átha Cliath]]. Cuireadh an banc i seilbh an stáit i mí na Nollag, [[2008]]. Is í baincéireacht thrádalach príomhghnó an bhainc agus de réir sin níl a lán brainse miondíol ag an mbanc i gcathracha na hÉireann. Ta roinn bhainisteoireach saibhris agus roinn cistíochta ag an mbanc freisin.
 
Ba é iasachtaí do thógálaithe agus d'fhorbróirí eastát réadach an chuid is mó de ghnó Bhanc Angla-Éireannach agus buaileadh an banc go trom i dtitim mhargadh maoine in Éireann sa bhliain 2008. D'fhógair rialtas na hÉireann i mí na Nollag 2008 go raibh siad chun 1.5 billiún euro a chur isteach sa bhanc agus go dtógfaidís úinearacht ar 75% den bhanc. Stopadh trádáil i scaireanna an bhainc ar na stoc-mhalartáin i mBhaile Átha Cliath agus i [[Londain]] ar an bpointe. Ba é €0.22 an praghas deireanach, titim 98% ón bpraghas is airde. (Ceaptar nach bhfuil luach ar bith ar na scaireanna anois.)
Úsáideoir gan ainm