An difríocht idir athruithe ar: "Tarlach Ó hUid"

Content deleted Content added
No edit summary
 
m nascanna
Líne 1:
1917-1990. Rugadh Tarlach Ó hUid i [[Londain]] [[Sasana|Shasana]] ar an [[13 Eanáir]] [[1917]] agus baisteadh an t-ainm Augustus Walter mar ainm air. Níorbh as [[Éire|Éirinn]] dá mhuintir, Augustus Walter Hood agus Ada Brockwell. Meitidisteach a bhí ann ina óige ach d'iompaigh sé ina Chaitliceach i [[1937]] mar gheall ar a spéis in Éirinn agus sa [[Gaeilge|Ghaeilge]]. Shíl sé go mb'ionann a bheith ina Éireannach agus a bheith ina Chaitliceach.
 
Fuair sé scoláireacht go Meánscoil Greenwich, agus thosaigh ag obair mar chléireach. Ar chúis éigin chuaigh beirt den teaghlach isteach i g[[Conradh na Gaeilge]], beirt isteach in [[Óglaigh na hÉireann]] agus beirt i g[[Cumann na mBan]], cé nach raibh aon fhianaise acu gur de shliocht Éireannach iad. Chuaigh Tarlach isteach i gConradh na Gaeilge i 1935 agus bronnadh scoláireacht chun na [[Gaeltacht]]a air. Chláraigh sé mar bhall den [[IRA]] i Londain chomh maith agus d'aistrigh sé go hÉirinn, mar ar chaith sé tamall i nGaeltacht Thír Chonaill agus sa Srath Bán. Ghlac sé páirt sa bhfeachtas a bhí ag an IRA in aghaidh na Breataine le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Bhí  sé ina eagarthóir ar pháipéar na nÓglach, 'War News' faoin ainm 'Terry Wilson'. D'fhoilsigh sé paimfléidí agus ábhar bolscaireachta agus bhí ina chraoltóir ar stáisiún raidió mídhleathach chomh maith. Cuireadh i bpríosún é i [[1940]] agus bhí sé i mbraighdeanas go dtí  mí na Nollag [[1945]]. Rinne sé an-chuid léitheoireachta sa phríosún, léirigh sé drámaí agus chuir iris lámhscríofa ar fáil.
 
Chaill sé a dhúil sa chogaíocht agus é sa phríosún agus rinneadh síochánaí de, ach dhiúltaigh sé a dhearbhú don na húdaráis nach mbeadh baint aige feasta le poblachtaigh. Chláraigh sé le [[Glúin na Buaidhe]] agus é fós i bpríosún Dhoire i mí na Nollag 1944.
 
Bhí  a chéad úrscéal, An Bealach chun a'Bhearnais, scríofa aige agus é ina chime, ach níor foilsíodh é go dtí [[1949]]. Nuair a scaoileadh saor é chaith sé seal ag obair do Chonradh na Gaeilge i mBéalm[[Béal Feirste]], agus é ag scríobh gearrscéalta agus drámaí raidió i rith an ama.
 
In earrach na bliana [[1948]] thosaigh Tarlach ag obair mar iriseoir sa pháipéar nuachta [[Inniu]], páipéar a bhunaigh baill de Ghlúin na Buaidhe i [[1943]]. Bhí sé ag obair don nuachtán sin go dtí gur cuireadh deireadh leis i [[1984]], agus é ina eagarthóir ó  [[1972]].
 
I [[1950]] foilsíodh an cnuasach gearrscéalta Taobh Thall den Teorainn.