An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid Ó Cuinneagáin"

Content deleted Content added
No edit summary
m glanadh
Líne 1:
Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na [[Gaeilge]] ab ea é '''Gearóid Ó Cuinneagáin''' ([[1910]]-[[1991]]). Rugadh i mBéalm[[Béal Feirste]] é ar an [[2 Eanáir]] 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir [[Séamus Ó Néill]] i scoil na m[[BráitheBráithre Críostaí]] i Sráid Duibhise.
 
Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i [[1927]] mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh é faoi shaoire leathbhliana chun tréimhse a chaitheamh sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]]. Chaith sé cúpla bliain i [[Rinn na Feirste]] i d[[Tír Chonaill]] sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar [[An tÉireannach (páipéar)|An tÉireannach]], ach ní léir cén tslí bheatha a bhí aige nuair a theip ar an bpáipéar sin go dtí gur bhunaigh sé páipéar dá chuid féin, Aiséirí, sna daichidí.
 
Ar an [[26 Meán Fómhair]] [[1940]] bhunaigh sé [[Craobh na hAiséirí]] de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: [[Donncha Ó Súilleabháin]], Pádraig Ó Drisceoil, [[Séamus Ó Néill]], [[Sorcha Ní Ghuairim]], [[Aogán Brioscú]], [[Annraoi Ó Liatháin]], [[Seán Ó hÉigeartaigh]], [[Ciarán Ó Nualláin]] agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain [[1941]] agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon beagbheag díograiseachdhíograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.
 
Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh [[Glúin na Buaidhe]] as an eagraíocht a d'eascair as "Ailtirí na hAiséirí", iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú. Sheas iarrthóirí in olltoghchán na bliana [[1944]] ach níor éirigh le duine ar bith acu.
 
Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhímínteachtfhimínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don [[Faisisteachas|Fhaisisteachas]] don mhórchuid de na [[Gael|Gaeil]].
 
Ba i mBéarlam[[Béarla]] a bhí formhór an ábhair in 'Aiséirí' mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.
 
Bhí baint éigin aige le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm [[Cló Grianréime]], ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.
 
Phós sé [[Síle Ní Chochláin]] i [[1945]] agus bhí seisear clainne acu.
Fuair sé bás ar an [[13 Meitheamh]] [[1991]].