An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 37:
I ndiaidh Éirí Amach na mBocsar, fuair na tíortha coimhthíocha cead garastúin a choimeád in Tianjin chun go mbeadh a gcuid fórsaí ábalta Péicing a bhaint amach go réidh. Bhí dhá chathlán ag na Briotanaigh, ach níor ghlac na Meireacánaigh páirt ann ar feadh tamaill sách fhada. Le linn an [[Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogaidh Dhomhanda]], ghabh Forsaí na gComhghuaillí garastúin na Gearmáine agus Impireacht na hOstaire-Ungáire, agus coimeádadh na saighdiúirí sin mar phríosúnaigh chogaidh. Bhain an rialtas Boilséiveach an garastún Rúiseach den chathair sa bhliain 1918. In 1920 d’iarr na náisiúin eile ar na Stáit Aontaithe trúpaí a chur ann, rud a rinne an tír úd. Ba [[George C. Marshall]], ginearál tábhachtach eile sa chéad leath den 20ú haois, a bhí i gceannas ar shaighdiúirí Mheireacá in Tianjin (ar thaitníodh seirbhís in Tianjin leo). Bhain na Meireacánaigh a gcuid forsaí de Tianjin sa bhliain 1938.
 
Ghabh na Seapánaigh Tianjin ar an 30 Mí Iúil, 1937 sa Dara Cogadh Sínea-Sheapánach, ach d’fhág siad na lámhaltais mar a bhídís sa chuid ba mhó go dtí 1941. Tharla an eisceacht ba mhó sa bhliain 1939 nuair a thug na Briotanaigh tearmann do sheisear Síneach a mharaigh duine a bhí ag comhoibriú go feiceálach leis na Seapánaigh. Ar an 14 Meitheamh, rinne na Seapánaigh imshuí ar an chuid Bhriotanach den chathair. Ba bheag nár briseadh cogadh amach idir an dá thír, ach sa deireadh ghéill na Briotanaigh agus thug siad na héalaithigh do na Seapánaigh, Chuir siad seo chun báis iad. Ghlac na Seapánaigh seilbh ar lámhaltais Mheiriceá agus na Breataine Móire sa bhliain 1941. Fágadh na hIodálaigh agus na Francaigh i gceannas ar a gcodanna féin de Tianjin (bhí oifigigh na Fraince san áit dílis don rialtas Vichy sa Fhrainc.)
 
Mhair seilbh na Seapánach ar an gcathair go dtí 15 Lúnasa, 1945. Sheas na fórsaí Meiriceánacha sa bhearna ansin go raibh [[Chiang Kai-shek]] agus na Náisiúnaithe (.i. fórsaí an [[Kuomintang]]) ábalta Tianjin (agus Péicing) a bhaint amach. Thit an chathair do na Cumannaigh Shíneacha ar 15 Mí Eanáir, 1949. <ref>Jung Chang agus Jon Halliday (2005). ''Mao: The Unknown Story'', lch. 309. Alfred A. Knopf, Nua-Eabhrac.</ref>
 
Bhí geilleagar na cathrach marbhánta sna 1950idí<ref>Chang agus Halliday, lch. 328.</ref> agus níor tháinig aon rath faoi leith air go dtí am éigin i ndiaidh na [[Réabhlóid Chultúrtha|Réabhlóide Cultúrtha]] sna 1970idí. Thóg [[Mao Zedong]] carabhuaic in Tianjin sa bhliain 1958 nuair a chonacthas é ag ithe i mbialann sa chathair, an t-aon uair a d’ith sé i mbialann sna 27 bliana a raibh sé i gcumhacht. Tháinig na deich mílte sna sráideanna ag scairteadh moltaí ar Mao; glactar gur cleas poiblíochta a bhí ann.<ref>Chang agus Halliday, lch. 424-5.</ref>
 
==Geilleagar==
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Cathracha na Síne]]