An difríocht idir athruithe ar: "Cois Fharraige"

Content deleted Content added
Md (plé | dréachtaí)
m leasú ar an teanga agus cur leis an alt ~~~~
m nasc
Líne 1:
Tugtar '''Cois Fharraige ''' ar an gcuid sin de chósta [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] atá ag síneadh siar ó chathair na [[Gaillimh]]e go [[Casla]]. Cé gur minic [[Conamara]] á thabhairt inniu air, is siar aduaidh ó Chois Fharraige atá Conamara i gceart. I measc na mbailte i gCois Fharraige tá [[Bearna]], [[na Forbacha]], [[an Spidéal]] agus [[Indreabhán]], [[An Tulach ]] agus [[Ros A'an mhílMhíl ]]. Tá ceantar Chois Fharraige ar cheann dena ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír bíodh is go bhfuil an teanga faoi bhrú i mbeagnach gach baile ann go háirithe sna bailte is gaire den chathair. Tá go leor tógála ar bun sa cheantar agus go minic is daoine gan Gaeilge ón taobh amuigh a bhíonn ag ceannach na dtithe. Le blianta beaga anuas tá an-chuid díospóireachta ar bun mar gheall ar an gceist seo.
 
Cónaíonn formhór phobal Chois Fharraige laistigh de chiliméadar ó bhruach na mara, mar gur ann atá an bóthar, agus mar go rabhadar go mór ag brath ar an bhfarraige san am atá thart. Cé go raibh an ceantar bocht go maith go dtí na 1980í, tá i bhfad níos mó dul chun cinn déanta i gCois Fharraige ná mar atá déanta i go leor ceantair eile in [[Iarthar na hÉireann ]]. Chuir [[Údarás na Gaeltachta ]]riar mhaith fostaíochta ar fáil sa cheantar. Cuidíonn tionscal na g[[Coláistí Gaeilge ]] cuid mhaith le ioncam a ghiniúint do mhuintir na dtithe lóistín sa cheantar. Chomh maith leis bíonn an-tionchar ag na Coláistí sa cheantar mar go dtugann siad spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt agus a úsáid agus tugann siad fostaíocht shéasúrach d'aos óg an cheantair tré [[Ghaeilge ]].