An difríocht idir athruithe ar: "Monál Himiléach"

speiceas éan
Content deleted Content added
tús - bunaithe ar an leagan Béarla
(No difference)

Leagan ó 14:47, 3 Feabhra 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Tacsanomaíochta

Is cineál éin é an Monál Himiléach (Lophophorus impejanus) ar a dtugtar Piasún ImpeyachDanphe freisin. Is ball den ghéineas Lophophorus (ón nGréigis - 'an té a bhfuil círín air') den fhine na bpiasún Phasiandiae. Is é an t-éan náisiúnta de Neipeal é agus an t-éan stáit de Uttarakhand san India.

Cearc an Mhonáil

Rinneadh suirbhé le deireanas in Arunachal Pradesh a nocht cineál nua de Lophophorus, ach ní léir go fóill an speiceas nua é nó fospeiceas den Mhonál Sclater. Níl fianaise mhaith ann go bhfuil fospeiceas ag an Monál Himiléach, ach léiríonn roinnt fiosrúchán le deireanaí nach bhfuil an paiste bán ar dhroim íochtarach an Mhonáil Himiléach fhireannaigh in iarthuaisceart na hIndia, mar atá go coitianta in áiteanna eile. Chomh maith leis seo, is glaise é brollach an éin sa cheantar seo. B’fhéidir go bhfuil an dara fospeiceas ann mar sin. [1]


Baisteadh an t-ainm déthéarmach orthu in ómós do Mhary Impey, bean chéile Phríomh-Bhreitheamh Bheangál, Elijah Impey.

Tagairtí