An difríocht idir athruithe ar: "Albany, Nua-Eabhrac"

Content deleted Content added
GRMA, a GL, as do chabhair. Am an-teoranta a bhí agam ar an ríomhaire feadh tamaill.
m litriú
Líne 23:
Bunaíodh Albany san áit ina bhfuil sí mar níorbh fhéidir seoladh i mbád ar an Hudson mórán níos faide ná sin isteach sa tír. Thugadh na hIndiaigh a gcuid seithí ainmhithe go hAlbany agus cuireadh na seithí ar bord longa ansin don turas fada go dtí an Eoraip. D’éirigh suíomh Albany ní ba thábhachtaí go fóill de réir mar a tógadh canálacha agus iarnróid a cheangail an chathair le háiteanna níos faide anonn in aghaidh an lae. Le hoscailt an [[Canáil Erie|Chanáil Erie]], bhí feirmeoirí i Meániarthar Mheireacá ábalta a gcuid cruithneachta a chur, bealach Albany, chuig margaí i gCathair Nua-Eabhrac agus in áiteanna eile in oirthuaisceart na tíre. Cuireadh beoir, adhmad, foilseacháin, agus earraí iarainn chuig an saol mór tríd Albany chomh maith.
 
Bronnadh cairt chathrach ar Albany sa bhliain 1686 agus rinneadh príomhchathair an stáit di sa bhliain 1797. San fhichiú haois, ocslaíodhosclaíodh ceann de na chéad aerfoirt ar domhan in Albany. Tháinig athrach mór ar chuma na cathrach sna 1960idí i ndiaidh tógáil an Empire State Plaza agus campas de chuid SUNY, Ollscoil Stát Nua-Eabhrac. Ba faoi stiúradh an Ghobharnóir [[Nelson Rockefeller]] a tharla an chuid ba mhó den fhorbairt seo. Bhunaigh [[William Kennedy]], scríbhneoir, a chuid ficsin ar shaol mhuintir Albany.
 
{{síol}}