An difríocht idir athruithe ar: "Matti Vanhanen"

Content deleted Content added
gramadach
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Matti Vanhanen.jpg|right|200px|thumb|Matti Vanhanen.]]
Is é '''Matti Taneli Vanhanen''' Príomh-Aire reatha na [[An Fhionlainn|Fionlainne]]. Rugadh i [[Jyväskylä]] ar an [[4 Samhain]], [[1955]] é. Is é Cathaoirleach [[Páirtí Láir na Fionlainne|Pháirtí Láir na Fionlainne]] é freisin. Bhain sé amach an oifig ar an 24 Meitheamh 2003, nuair a bhí [[Anneli Jäätteenmäki]] éirithe as an bPríomh-Aireacht.
 
Tá céim ag Matti Vanhanen in eolaíocht pholaitiúil ("máistir na státaireachta" de réir théarmaíocht na Fionlainne). Vótáladh isteach sa Phairlimint é sa bhliain 1991. Roimhe sin, bhí sé ag obair ina eagarthóir ar nuachtán áitiúil i [[Vantaa]].
 
Rinneadh Aire Cosanta de Matti Vanhanen sa bhliain 2003, agus cheap Ard-Fheis Neamhghnách an Pháirtí Láir ina Chathaoirleach ar an bpáirtí é i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna. Ar an 16 Aibreán 2005, d'ainmnigh Matti Vanhanen é féin ina iarrthóir Uachtaránachta don Pháirtí Láir. Níor éirigh leis chomh maith is a shíltí roimh an toghchán, nó ní bhfuair sé ach 18,6 % de na vótaí.
 
Tá beirt clainne ag Matti Vanhanen ón bpósadh a bhí aige lena iar-bhean chéile Merja, mar atá, an iníon Annastiina (1991) agus an mac Juhana (1994). Phós sé Merja sa bhliain 1985, agus fuair siad colscaradh go gairid roimh an toghchán Uachtaránachta. Is é an t-iar-Ollamh Tatu Vanhanen athair Matti.
 
 
{{stumpa}}