An difríocht idir athruithe ar: "Sabhna"

Content deleted Content added
Líne 25:
 
De ghnáth, caitheann na daoine tamall sa sabhna ag tarraingt cóta allais orthu ar a suaimhneas. Ansin a thosaíonn duine acu ag scaobadh uisce te nó patuar as an mbuicéad atá leis, agus é á chaitheamh ar chlocha na sornóige. Nuair a bhuaileann an t-uisce faoi na clocha, galaítear é ar an toirt, agus mothaíonn na daoine ar na binsí tonn gail agus teasa ag dul ar fud an tseomra. Baineann an tonn seo, ar a dtugtar ''löyly'' as Fionlainnis, tuilleadh allais astu, ach san am céanna, bíonn sé ag teip ar chuid acu an teas a sheasamh. Ansin, is minic a chaithfidh siad cromadh chun tosaigh le teacht slán ón gcuid is teo den ''löyly'' - is é sin, "umhlú do thiarna an ''löyly''" (''kumartaa löylyherralle'').
 
Le linn a bheith ag bárcadh allais, bíonn na Fionlannaigh á mbualadh féin le ceangaltáin de chraobha beithe, ar a dtugtar ''vihta'' nó ''vasta'' i gcanúintí éagsúla na Fionlainnise. Is é is cuspóir leis an mbuailteoireacht seo ná an craiceann a imchuimilt is a ghlanadh.
 
Is minic a thógann na hionnaltóirí scíth nó sos ón ngalfholcadh agus iad ag tógáil cithe nó ag caitheamh tamaill ag snámh idir dhá bhabhta sa sabhna. Má tá an geimhreadh ann agus leac oighir thar an loch, is féidir poll ar leith (Fionlainnis: ''avanto'') a dhéanamh sa leac oighir le go bhféadfadh na hionnaltóirí tumadh a bhaint as an uisce ansin. Mura bhfuil poll sa leac oighir, is féidir leo únfairt a dhéanamh sa sneachta freisin.
 
Níl sé ceadaithe éadaí ar bith a chaitheamh sa seomra allais. Briseadh nóis a bheadh ann. Níl sé as an ngnáth ach an oiread go mbíonn fir agus mná ag folcadh in éineacht, go háirithe más ball d'aon teaghlach iad. Ní bhíonn na Fionlannaigh ag labhairt ach an-chorrfhocal le linn an ghalfholctha, agus ní bheadh sé ag cur leis an mbéasaíocht ach an oiread spallaíocht nó súgradh gnéis a dhéanamh sa sabhna, thar na háiteanna eile. An dóigh a dtugtar "sabhna" ar dhrúthlanna nó ar chlubanna gnéis i dtíortha coimhthíocha go minic, glacann an Fionlannach leis mar mhasla, ós rud é gur áit glainíneachta, seachas áit drúise, é an sabhna i dtraidisiún na Fionlainne. Scéal eile ar fad é gur áit a bhí ann, fadó, ina saolaítí na leanaí, ós rud é gur minic nach raibh áit eile ar fáil faoin tuath a bheadh sách glan agus sách saor ó na baictéir is na frídíní eile le haghaidh na hoibre sin.