An difríocht idir athruithe ar: "Sabhna"

Content deleted Content added
Líne 13:
 
==Seomra an Allais==
[[Íomhá:Benches and ladles in a Finnish sauna.jpg|thumb|280px|Seomra an Allais. Seo an chosúlacht a bhíonn ar na sabhnaí nua-aimseartha leictreacha.]]
Tá seomra allais i ngach sabhna, agus is ionann iad an seomra sin agus an sabhna sa chiall is cúinge. Istigh sa seomra seo atá an sorn (Fionlainnis: ''kiuas'') agus na binsí nó na seilfeanna (Fionlainnis: ''lauteet'', uimhir uatha: ''laude'') ar a mbíonn na daoine ina suí nó ina luí. Bíonn na binsí ó mhéadar amháin go méadar go leith (1 m - 1.5 m) os cionn an urláir.
 
Líne 20:
Is follas gur cuid thábhachtach de na folcadáin phoiblí agus na folcáin snámha san Fhionlainn é an sabhna. Caithfidh gach duine folcadh sabhna a thógáil roimh an mbabhta snámhaíochta agus ina dhiaidh. Ar ndóigh, ní mór dó é féin a ní as uisce roimh gach cuairt ar an sabhna agus ina dhiaidh.
 
Go dtí lár na fichiú haoise, bhí sabhnaí poiblí á reachtáil sna cathracha don té nach raibh teacht aige ar an sabhna san áit a raibh sé ina chónaí, agus mhair na seandaoine ag dul ar na sabhnaí seo fiú nuair nach raibh riachtanas leo a thuilleadh, ó b'ansin ab fhusa a chastaí ar lucht a n-aitheantais iad. Le seanchultúr an lucht oibre is mó a shamhlaítear na sabhnaí seo. Inniu, áfach, is ar éigean a thiocfá ar cheann acu, ós rud é go bhfuil na folcadáin nua-aimseartha i ndiaidh iad a chur as margadh, gan aon trácht a dhéanamh ar chomh coitianta a d'éirigh na sabhnaí sna blocanna árasán féin.
 
==Béasaíocht agus Nósanna sa Sabhna Fionlannach==