An difríocht idir athruithe ar: "Sabhna"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Is é is '''sabhna''' (nó ''sauna'' as [[Fionlainnis]]: ''teach allais'' nó ''galfholcadán'') ann ná teach nó seomra te le haghaidh galfholcadh. Téann stair an ghalfholctha siar go laethanta na sean-Róimhe, ar a laghad, ach nuair a chuaigh an Chríostaíocht i bhfairsinge in Ilchríoch na hEorpa, cuireadh deireadh leis an nós, ó bhí meas na mígheanmnaíochta ag na sagairt air. Mar sin, níor mhair an galfholcadh beo ach in áiteanna iargúlta, cosúil leis an bhFionlainn, agus nuair a thosaigh sé ag éirí faiseanta arís, shíl na daoine gur nós Fionlannach a bhí ann.
 
[[Íomhá:Smoke sauna.JPG|thumb|280px|Sabhna (gan simléar) san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]] .Tá an ''savusauna'' traidisiúnta seo ina sheasamh in [[Enonkoski]], in oirthear na Fionlainne.]]
An chuid is mó de na teangacha Eorpacha, tugann siad ''sauna'' ar an seomra galfholctha, ach tá téarmaí dá gcuid féin ag na Sualannaigh agus na Rúisigh air: ''bastu'' a deirtear as [[Sualainnis]], agus ''banya/баня'' as [[Rúisis]].