An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Chrócaigh"

Content deleted Content added
Líne 27:
Sa bhliain [[1913]], ní raibh ach dhá ardán ar an taobh den pháirc a bhfuil Ardán Uí Ógáin inniu. Sa bhliain [[1917]], baineadh úsáid as brablach ón [[Éirí Amach na Cásca|Éirí Amach]] an bhliain roimhe sin chun Cnoc 16 a thógáil.
 
Ar an [[2021 Samhain]] [[1920]], tharla sléacht ann faoi lámh na bpóilíní cúnta inar maraíodh triúr duine déag, beirt imreoir ina measc ón gcluiche peile a bhí ar siúl idir Baile Átha Cliath agus [[Tiobraid Árann]] ar an lá, [[Séamus Ó hAogáin]] agus [[Mícheál Ó hÓgáin]]. Tugtar [[Domhnach na Fola (1920)|Domhnach na Fola]] ar an eachtra seo. Bhí an [[Cogadh Angla-Éireannach]] faoi lán seol san am agus ní ba luaithe ar an lá céanna, mharaigh scuad [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Uí Choileáin]] ceathrar oifigeach faisnéise déag de chuid Shasana, agus cineál díoltas ab ea é an t-ionsaí a rinneadh ar Pháirc an Chrócaigh.
 
Sna [[1920í|fichidí]], thosaigh an CLG ar staidiam mhór a thógáil. Tógadh Ardán Uí Chíosóig sa bhliain [[1927]], agus é ainmnithe as [[Mícheál Ó Cíosóig]] ón g[[Contae an Chláir|Clár]], duine de bhunaitheoirí an Chumainn. Sa bhliain [[1952]] tógadh Ardán Nally, agus é ainmnithe i ndilchuimhne ar dhuine eile de na bunaitheoirí, [[P.W.Nally]].