An difríocht idir athruithe ar: "An Bóthar go dtí an Ghealchathair"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Gearrscéal [[Gaeilge]] leis an scríbhneoir [[Éireannach]] [[Máirtín Ó Cadhain]] é '''An Bóthar go dtí an Ghealchathair''' a foilsíodh in [[An Braon Broghach (Cnuasach Gearrscéalta)|An Braon Broghach]]. Dúisíonn Bríd ag tús an scéil seo is a fear á brú amach ón leaba. Tá sé go han-mhoch ar maidin mar tá uirthi dul chuig Gaillimh(an Ghealchathair) le him is uibheacha a dhíol ann. Tá Bríd sa bhaile ina bhfuil sí le beagnach cúig bliana ach braitheann sí nach bhfuil aithne rómhaith aici ar mhuintir na háite. Buaileann sí bóthar ar an naoi míle Éireanancha atá roimpi ag súil go bhfaighfidh sí síob ar an mbealach. Níl fonn uirthi bheith ag siúl le duine eile mar gur lú an dóchúlacht go dtabharfaí síob do bheirt agus nach bhfuil airgead aici le híoc as. Casann sí ar Liam an tailliúr a bhfuil airgead amuigh aige uirthi. Braitheann sí crua an sathaor an siúl leis an gcléibh is samhlaíonn sí bás anróiteach a fháil ar an mbóthar agus a dhéanfadh a fear is a ngasúir dá húireasa.
 
''Do Bhríd agus dá liachtaí Bríd léi ba Via Dolorosa gach mile, ba Gethsemene gach troigh, ba Úll na hAithne a chúiteofaí le hallas, imní, angar agus umhlacht gach cloch…''