An difríocht idir athruithe ar: "Giovanni Battista Belzoni"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: hu:Giovanni Battista Belzoni
mNo edit summary
Líne 2:
[[Image:Giovanni Battista Belzoni by William Brockedon.jpg|left|155px|thumb|Giovanni Battista Belzoni]]
 
I bPadua na [[An Iodáil|hIodáile]] a rugadh Belzoni, agus nuair a rinne na Francaigh ionradh ar an Iodáil thug sé a aghaidh ar [[Londain]], áit ar thaispeáin sé féin mar ‘fhear láidir’ ar na haonaíhaontaí; d’éirigh sé tuirseach de sin agus chuaigh lena bhean chéile agus le searbhónta chun na Spáinne, chun na Portaingéile, chun [[Málta]] agus ansin chun na [[An Éigipt|hÉigipte]]. Sa tír sin bhain sé tairbhe as an eolas a bhí aige ar an [[innealtóireacht]] agus bheartaigh caidéil de shaghas nua; ach ba bhocht an díol a bhí orthu, rud a d’fhág i gcruachás é.
 
Bhí [[cogadh cathartha]] ar siúl san Éigipt ag an am, agus tairbhe á bhaint ag beirt i gCaireo as: [[Henry Salt]], consal na Breataine, agus an tIodálach [[Bernadino Drovetti]], consal na Fraince. Mhaoinídís an bheirt feachtais [[seandálaíocht|sheandálaíochta]] agus dhíolaidís na hiarsmaí le hiarsmalanna agus le bailitheoirí, agus ní gan bhrabach é. Bhí pas Briotanach ag Belzoni agus d’fhostaigh Salt é; sa bhliain 1815 iarradh air rud a dhéanamh a bhí beagnach dodhéanta: dul síos [[an Níl]] go dtí an Téibh agus busta ollmhór Fárónach (Raimséas II) a thabhairt ar ais. D’éirigh leis gan bhuíochas don saol agus do bhagairt Drovetti.