An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh Uladh"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 10:41, 12 Samhain 2004

Eagraíocht mhíleata a bunaíodh i 1912 chun cur i gcoinne Féinriail d'Éirinn. Bhunaigh an dlíodóir Edward Carson agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i gCúige Uladh na hÓglaigh agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí pairlimint i mBaile Átha Cliath. 'Home Rule is Rome Rule' agus 'Ulster will fight and Ulster will be Right' na manaí a bhí acu. Shínigh os cionn dhá chéad míle duine Cúnaint agus cuireadh eagar míleata orthu. Ceannaigh gunnaí agus armlón sa Ghearmáin agus tugadh isteach go Latharna iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid Arm na Breataine in Éirinn gníomhú in éadan na bparamhíleatach seo, agus bunaíodh Óglaigh na hÉireann faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, John Redmont, mar fhreagra ar a mbagairt don fhéinriail. Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i 1920 rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bpairlimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh. Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960í faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), d'úsáid siad pléascáin agus feallmharú in aghaidh an phobail Chaitlicigh, agus tá neart fianaise ann go bhfuil siad gníomhach go fóill, go háirithe i smugláil agus i ndíol drugaí. Is ar éigean gur éirigh leo aon ionadaíocht a bhaint amach i dtoghcháin le blianta anuas.