An difríocht idir athruithe ar: "Sabhna"

Content deleted Content added
Líne 32:
Is minic a thógann na hionnaltóirí scíth nó sos ón ngalfholcadh agus iad ag tógáil cithe nó ag caitheamh tamaill ag snámh idir dhá bhabhta sa sabhna. Má tá an geimhreadh ann agus leac oighir thar an loch, is féidir poll ar leith (Fionlainnis: ''avanto'') a dhéanamh sa leac oighir le go bhféadfadh na hionnaltóirí tumadh a bhaint as an uisce ansin. Mura bhfuil poll sa leac oighir, is féidir leo únfairt a dhéanamh sa sneachta freisin.
 
Níl sé ceadaithe éadaí ar bith a chaitheamh sa seomra allais. Briseadh nóis a bheadh ann. Níl sé as an ngnáth ach an oiread go mbíonn fir agus mná ag folcadh in éineacht, go háirithe más baill d'aon teaghlach iad. Ní bhíonn na Fionlannaigh ag labhairt ach an-chorrfhocal le linn an ghalfholctha, agus ní bheadh sé ag cur leis an mbéasaíocht ach an oiread spallaíocht nó súgradh gnéis a dhéanamh sa sabhna, thar na háiteanna eile. An dóigh a dtugtar "sabhna" ar dhrúthlanna nó ar chlubanna gnéis i dtíortha coimhthíocha go minic, glacann an Fionlannach leis mar mhasla, ós rud é gur áit glainíneachta, seachas áit drúise, é an sabhna i dtraidisiún na Fionlainne. Scéal eile ar fad é gur áit a bhí ann, fadó, ina saolaítí na leanaí, ós rud é gur minic nach raibh áit eile ar fáil faoin tuath a bheadh sách glan agus sách saor ó na baictéir is na frídíní eile le haghaidh na hoibre sin. Inniu féin, is sórt onórach é má deirtear faoi dhuine gur sa sabhna a rugadh é, nó is ionann sin is a rá go bhfuil fréamha folláine aige i seansaol na tíre.