An difríocht idir athruithe ar: "Hans Henning Ørberg"

Content deleted Content added
No edit summary
Ranna ++
Líne 1:
[[Image:Oerberg.JPG|thumb|Hans H. Ørberg]]
Rugadh '''Hans Henning Ørberg''' ( [[1920]]-[[17 Feabhra]], [[2010]]) sa [[An Danmhairg|Danmhairg]] agus bhain sé céim mháistreachta amach i mBéarlam[[Béarla]], i bhFraincisbh[[Fraincis]] agus i [[Laidin]] ag Ollscoil Chóbanhávan. Bhí cuid mhór dá shaol tiomanta aige (1946-1952 agus 1961-1963) do mhúineadh na [[teanga (cumarsáid)|dteangacha]] i scoileanna sa Danmhairg.
 
==Gairm bheatha==
Ó 1953 go dtí 1961 d'oibrigh sé sa ''Naturmetodens Sproginstitut'', institiúid ina dteagasctar na teangacha i gcomhréir leis an "modh nádúrtha" foghlamtha. Nuair a bhí sé ann, chruthaigh sé cúrsa nua i Laidin: ''Lingua Latina secundum explicata rationem naturae'', a foilsíodh sa bhliain 1955. Sa bhliain 1990 nuachóirigh se an córas agus d'athraigh sé an teideal go dtí ''Lingua Latina per se illustrata'', a foilsíodh le hoiriúnuithe beaga. Agus é ar scor, stiúraigh sé an teach foilsitheoireachta ''Domus Latina'' agus thug sé léachtaí san [[An Eoraip|Eoraip]] agus sna [[Stáit Aontaithe]] ar an modh nádúrtha.
 
==Lingua Latina per se illustrata==
Tá an obair seo bunaithe ar an Modh Nádúrtha. Sa mhodh seo tosaíonn an mac léinn, nach n-éilíonn aon eolas roimhe ré ar an Laidin, le habairtí simplí, mar shampla "''Rōma in Italiā est''" ("Tá an Róimh san Iodáil"). Tugtar focail nua isteach i gcónaí i gcomhthéacs a nochtann an bhrí taobh thiar dóibh. Déantar an ghramadach níos casta de réir a chéile, go dtí go bhfuil an dalta ag léamh téacsanna Laidine neamhoiriúnaithe. Rud neamhghnách faoin chúrsa Laidine ná go gcuirtear béim ar fhoghraíocht agus thuiscint, seachas aistriúchán. Ní bhíonn foclóir riachtanach leis an gcóras seo. Mar gheall ar na téacsleabhair a bheith comhdhéanta go hiomlán i Laidin, is féidir le chainteoirí teanga ar bith iad a úsáid. Tá an cúrsa ina dhá chuid: ''Família Romana'' agus ''Roma Aeterna'' chomh maith le sraith de théacsanna clasaiceacha mar ''Commentarii de Bello Gallico'' de chuid [[Iúil Caesar ]]. Trí léiriúcháin agus mionathruithe, is féidir na téacsanna a thuiscint trí chomhthéacs agus trí thagairt a dhéanamh d'fhoghlaim focail cheana féin.
 
[[Catagóir: Laidin]]
 
 
 
{{DEFAULTSORT:Orberg, Hans Henning}}
[[Catagóir: Laidin]]
[[Catagóir:Teangeolaithe]]
[[Catagóir:Daoine Danmhargacha]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1920]]
[[Catagóir:Básanna i 2010]]
 
[[cs:Hans Henning Ørberg]]