An difríocht idir athruithe ar: "Ryanair"

1 byte added ,  15 bliain ó shin
m
no edit summary
m (robot Modifying: fa:رایان ایر)
m
Is [[aerlíne]] eé '''Ryanair''' a bunaíodh i [[1985]] agus a bhfuil [[Éire]] mar lárionad oibriúchán aige. Is é Ryanair an aerlíne beagchostais is mó san [[Eoraip]], agus 209 cúrsa ar bun aige go 94 [[aerfort]] i 17 dtír Eorpach. Tá sé ar an aerlíne is mó a ghnothaíos [[brábús]] ar domhan [http://web.archive.org/web/20040203173244/http%3A//www.ryanair.com/press/2004/jan/gen-en-280104.html], nó tá éirithe aige smacht dian a choinneáil ar a chostais. Mar shampla den disiplín sin, ní cead don lucht foirne a dteileafón póca a athlódáil ar áitribh an [[comhlacht|chomhlachta]] sa chaoi go gcoigleofar costais leictreachais. Tá borradh suantasach leanúnach déanta ag Ryanair ó cuireadh ar bun, rud ar cheadaigh [[liobrálú]] tionscail eitlíochta na hEorpa i [[1997]] dó.
 
Tá Ryanair ar na comhlachtaí Eorpacha is mó is ábhar conspóide, agus é molta agus cáinte araon go fluirseach [http://www.rte.ie/comments/ryanair.html]. Is geal le lucht a mholta daingneacht an chomhlachta ar tháillí ísle a thairiscint, chomh maith lena bhainistíocht raidiceach agus a dhúil le dul i ngleic leis na comhlachtaí agus leis na leasanna atá seanbhunaithe sa tionscail (agus é sin ar nós [[Southwest Airlines]] Mheiriceá a bhí ar tús cadhnaíochta i bhforbairt múnla an aerlíne beagchostais). Ach tá cáineadh searbh tuilte ag Ryanair fosta mar gheall ar a pholasaithe i dtaobh na g[[ceardchumann]] [http://www.eiro.eurofound.eu.int/2003/12/inbrief/eu0312204n.html], agus tá margaíocht míionraic curtha ina leith chomh maith [http://news.bbc.co.uk/1/hi/business/3088311.stm].
20

edits