An difríocht idir athruithe ar: "Contae Thír Eoghain"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: gd:Contae Thír Eoghain; cosmetic changes
mNo edit summary
Líne 9:
}}
 
Is í '''Contae Thír Eoghain''' an dara contae is mó as na naoi gcontae i g[[Cúige Uladh]], atá suite i lár an cúigechúige. Achar: 3,155 km² (1,218 mílte cearnacha).
 
Tá teorainneacha ag an chontae le cúig chontae eile; [[Contae Dhoire|Doire]] sa tuaisceart, [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] san oirdheisceart, [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]] sa deisceart, [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]] san iardheisceart, agus [[Contae Dhún na nGall|Dún na nGall]] san iarthuaisceart. Ar a bharr sin, tá teorainn ag Tír Eoghain le h[[Contae Aontroma|Aontroim]] i lár [[Loch nEathach]] san oirthear.
 
== Tíreolaíocht ==
Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na h[[Abhainn Mhór|Abhann Móire]] i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na [[Speiríní]] suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i g[[Cúige Uladh]], i ndiaidh na [[Beanna Boirche]] agus na [[Sléibhte Dhoire Bheatha]], agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an [[Mullach Clochach]] (634m), suite ansin. Is é [[Loch nEathach]], an loch is mó in Éirinn (388 km²/150 mílte cearnacha) an phrímhghnéphríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í [[an Fheabhail]] agus a craobh-aibhneacha, [[an Mhorn]], [[Abhainn na Deirge]], [[Abhainn Coille]], agus [[an Shruthail]], na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í [[an Abhainn Mhór]] an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]] agus [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.
 
== Polaitíocht ==
Líne 24:
 
Ní leanann teorainneacha na comhairlí ceantair teorainneacha an chontae go hiomlán, áfach. Tá roinnt contae Dhoire i gComhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh, roinnt Ard Mhacha i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas, agus tá roinnt Tír Eoghain i g[[Comhairle Ceantair Fhear Manach]].
Is í Tír Eoghain an chontae is náisiúnaí i d[[Tuaisceart Éireann]]; toghadh 47 gcomhairleoir náisiúnacha sna ceithre chomhairle le chéile sa toghchán isa bhliain 2005, i gcomparáid le 26 chomhairleoir aontachtacha agus 2dhá chomhairleoir neamhspleách. I dtoghchán don pharlaimint Westminster agus [[Tionól Thuaisceart Éireann]], roinntear Tír Eoghain i dtrí thoghlach; Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, Iarthar Thír Eoghain, agus Meán-Uladh. Toghadh iarrthóirí [[Sinn Féin]] sna trí thoghlach seo sna toghcháin Westminster isna blianta 2001 agus 2005; [[Martin McGuinness]] i Meán-Uladh, [[Michelle Gildernew]] i bhFear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, agus [[Pat Doherty]] in Iarthar Thír Eoghain. Sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann i 2007, toghadh na hiarrthóirí a leanas;
 
'''Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain:'''