An difríocht idir athruithe ar: "Trenton, New Jersey"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 20:
Príomhchathair stát [[New Jersey]] i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] é '''Trenton'''. Is é Trenton Príomhbhaile Chontae Mercer sa stát úd freisin. Tá an chathair suite in iarthar láir New Jersey ar bhruach thoir an [[abhainn Delaware]], go díreach trasna ó stát [[Pennsylvania]]. De réir meastachán ó Bhiúró Dhaonáirimh na Stát Aontaithe sa bhliain 2008, bhí 82,883 duine ina gconaí i dTrenton.
Lonnaigh baill de [[Cumann na gCarad|Chumann na gCarad]] sa cheantar sa bhliain 1679, agus faoin bhliain 1719 bhí an t-ainm "Trent-Towne" in úsáid (i ndiaidh William Trent, uinéir mór le rá sa bhaile ag an am.) Giorraíodh an t-ainm go "Trenton" ní ba dhéanaí. Dála a lán cathracha agus bailte móra i Meiriceá, d'fhás Trenton
Ba i dTrenton a raibh a chéad bhua ag [[George Washington]] i g[[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá]], sa bhliain 1776. Tharla sin ar an 26ú lá de Mhí na Nollag, nuair a chuaigh Washington agus a chuid saighdiúirí trasna an Delaware oighreogach agus d’ionsaigh siad an garastún Heiseánach ar an bhaile. [[Cath Trenton]] a thugtar air.
|