An difríocht idir athruithe ar: "Adewale Akinnuoye-Agbaje"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Is aisteoir é '''Adewale Akinnuoye-Agbaje''' a rugadh sa [[An Ríocht Aontaithe|Bhreatain]] ar [[22 Lúnasa]] [[1967]]. Is ón [[An Nigéir|Nigéir]] dá mhuintir agus chuir siad fúthu i [[Londain]]. Rugadh Akinnuoye-Agbaje in Islington agus tá ceathrar deirfiúr aige. Tá a lán teangacha aige - Béarla, Iodáilis, Iarúibis (teanga a thuismitheoirí) agus Svahaílis. Bhain sé amach céim mar Mháistir sa Dlí i gColáiste an Rí i Londain. Is Búdaí é Akinnuoye-Agbaje<ref>[http://showbizandstyle.inquirer.net/entertainment/entertainment/view_article.php?article_id=30574 ‘Lost’ in Hawaii, Part 2 - INQUIRER.net, Philippine News for Filipinos<!-- Bot generated title -->]</ref> agus tá sé ar lucht leanúna [[Arsenal F.C.]]
 
Rinne Adewale páirt an bhithiúnaigh Simon Adebisi ar ''Oz'', clár de chuid [[HBO]], agus páirt Mr Eko ar ''[[Lost]]'', clár teilifíse de chuid [[ABC]] i Meiriceá. D'iarr sé cead scoir de bharr bhás a thuismitheoirí agus chun scannán a stiúradh. Déanann sé a chuid féin d'aon pháirt a fhaigheann sé (rud ba chúis leis an iomrá gur chaill sé a pháirt in “Lost” toisc gur ghabh sé neamhchuidiúlacht an charachtair air féin).
 
Tháinig sé os comhair an cheamara den chéad uair sa bhliain 1994 i bhfíseán Dawn Penn le haghaidh "No, No, No (You Don't Love me)", amhrán lasta dá cuid. Timpeall an ama chéanna bhí sé feiceáil san fhíseán a bhí ag gabháil le "Jealousy", amhrán de chuid na Pet Shop Boys a raibh an-ráchairt air. Is iomaí páirt a rinne sé i scannáin ó shin, agus bhí sé ina ath-thíoránach Afracach in "The Bourne Identity" (2002).