An difríocht idir athruithe ar: "Adonis (file)"

Content deleted Content added
m r2.5.1) (róbat ag mionathrú: it:Adunis
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
| ainm = Ali Ahmad Sa'id Asbar<br />(Adonis)
| íomhá =
| ceannteideal =
Líne 19:
File [[Araibis]]e ón [[An tSiria|tSiria]] é '''Adonis''', nó '''Ali Ahmad Sa'id Asbar''', a chaith an chuid ba mhó dá ghairmréim sa [[An Liobáin|Liobáin]] agus san [[An Fhrainc|Fhrainc]]. Rugadh in Al Qassabin in aice le Latakia (An tSiria) é ar an [[1 Eanáir]] [[1930]]. Scríobh sé breis is fiche leabhar Araibise, idir [[filíocht|fhilíocht]] agus chriticeoireacht liteartha, agus deirtear go bhfuil sé ar an scríbhneoir Araibise is dóchúla le [[Duais Nobel sa litríocht]] a bhaint amach, má aosaítear dó.
 
== A Shaol ==
 
Feirmeoir a bhí in athair Adonis, agus an mac ag obair sna páirceanna ó bhí sé ina bhrín óg. Alabhaítigh ab ea muintir Adonis, is é sin, bhí baint acu le seict bheag Shítheach nach nglacann cuid mhór de na [[Moslamach Sunnaíoch|Muslamaigh Shunnacha]] léi mar chuid den [[Ioslam]] a thuilleadh. Bhí luiteamas ag athair an bhuachalla le filíocht, agus thugadh sé ar a mhac dánta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Thosaigh Adonis ag cumadh dánta dá chuid féin go luath, agus nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois, fuair sé deis ceann acu a aithris d'Uachtarán na Siria, [[Shukri al-Kuwaiti]]. Thabhaigh sin scoláireachtaí dóibh a cheadaigh dó staidéar a dhéanamh sa mheánscoil áitiúil i Latakia, agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil na Damaisce, áit ar bhain sé amach céim san [[fealsúnacht|fhealsúnacht]] sa bhliain 1954.
Líne 28:
 
{{DEFAULTSORT:Adunis}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1930]]
[[Catagóir:Filí]]