An difríocht idir athruithe ar: "An Ultais"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: en:Ulster Scots dialects
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Teanga Gearmáinice nó canúint, de chuid an Bhéarla nó na h[[Albainis|Albainise]]e, í '''Albainis Uladh''' (ainmneacha eile a chonacthas ar na meáin Ghaeilge le déanaí is ea iad an ''UItais'' agus an ''Ullainnis'') a labhraítear go príomha i gceantair thuaithe in oirthuaisceart an [[Contae an Dúin|Dúin]], i g[[Contae Aontroma]], in oirthear [[Contae Dhoire|Chontae Dhoire]] agus in oirthear [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]].
 
De ghnáth aithnítear cúig chanúint san Albainis, .i. Albainis Lárnach, Albainis an Tuaiscirt (a dtugtar "Doric" uirthi in amanna), Albainis na nOileán (Inse Orc agus Sealtainn), Albainis an Deiscirt, agus Albainis Uladh. Is í Albainis Lárnach an chanúint a úsáideann dhá thrian de na cainteoirí. Scríobh an chuid is mó de na mórscríbhneoirí Albainise sa chanúint seo fosta, mar shampla, Allan Ramsay, Robert Fergusson, Robert Burns, agus R. L. Stevenson. Tá cás i bhfad níos láidre ag Albainis na nOileán agus Albainis an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar theangacha ar leith ná atá ag Albainis Uladh.
Líne 13:
Fuair an dá leagan den Albainis a lán focal ar iasacht ó [[Gaeilge na hAlban|Ghaeilge na hAlban]], ach is léir nach [[teangacha Gaelacha]] iad. De réir taighde a rinne Derrick McClure i 1995 agus Caroline Macafee i 1997, is focail Cheilteacha iad 0.8% de na focail san Albainis (d'fhéadfadh an figiúr seo a bheith rud beag ní b'airde i gcás Albainis Uladh).
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.ulsterscotsagency.com The Ulster-Scots Agency (''Tha Boord o Ulstèr-Scotch'')]
 
[[Catagóir:Teangacha Thuaisceart Éireann]]