An difríocht idir athruithe ar: "Cúirt Uachtarach na hÉireann"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
|||
Líne 2:
Is í an '''Chúirt Uachtarach''' an t-údarás breithiúnach is airde i [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht na hÉireann]]. Cúirt achomhairc dheiridh is í an Chúirt Uachtarach agus déanann sí athbhreithniú breithiúnach, i gcomhar leis an [[Ard-Chúirt (Éire)|Ard-Chúirt]], ar Achtanna an Oireachtais. Tá dlínse ag an gcúirt, chomh maith, chun a áirithiú go ngéilleann comhlachtaí rialtais agus gnáthshaoránaigh do [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht na hÉireann]]. Tá an Chúirt suite sna [[na Ceithre Cúirteanna|Ceithre Cúirteanna]] i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]].
== Comhdhéanamh ==
Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta d'uachtarán na cúirte (nó "Príomh-Bhreitheamh na hÉireann" mar a dtugtar air), Uachtarán na hArd-Chúirte a bhfuil
ina bhall ''ex officio'' den Chúirt agus a shuíonn san Ard-Chúirt de ghnáth, agus seachtar gnáthbhall ar a laghad.
Líne 10:
Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann breithiúna na Cúirte Uachtaraí ar chomhairle cheangailteach an Rialtais. Ón mbliain 1995, gníomhaíonn an Rialtas ar chomhairle neamhcheangailteach an Bhoird Chomhairligh um Cheapacháin Bhreithiúnacha.<ref name="jab">Féach ar ''Acht na gCúirteanna agus a nOifigeach Cúirte, 1995''.</ref>
== Breithiúna Reatha na Cúirte Uachtaraí (Bealtaine 2008) ==
* An tOnórach an Príomh-Bhreitheamh John. L. Murray
* An tOnórach an Breitheamh Susan Gageby Denham
* An tOnórach an Breitheamh Adrian Hardiman
* An tOnórach an Breitheamh Hugh Geoghegan
* An tOnórach an Breitheamh Nial Fennelly
* An tOnórach an Breitheamh Nicholas Kearns
* An tOnórach an Breitheamh Fidelma Macken
* An tOnórach an Breitheamh Joseph Finnegan
* An tOnórach an Breitheamh Richard Johnson (Uachtarán na hArd-Chúirte, ''ex officio'')
== Dlínse ==
Tugann an Chúirt éisteacht d'achomhairc ón Ard-Chúirt, ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus ó Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna. Féadfar srian trom a chur ar chumhacht na Cúirte achomhairc a éisteacht (má thagann an t-achomharc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil nó ó Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna). Lena theannta sin, féadfar an chumhacht sin a eisiamh go hiomlán, ach amháin achomhairc maidir le comhréir bhunreachtúil dlí. Tugann an Chúirt Uachtarach éisteacht do phoncanna dlí
Tá dlínse bhunaidh ag an gCúirt Uachtarach i ndá chás - faoi Airteagal 26, nuair a chuireann an tUachtarán Bille faoi bhráid na Cúirte chun cinneadh a dhéanamh maidir lena bhunreachtúlacht roimh é a fhógairt agus faoi Airteagal 12 nuair a bhíonn ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh faoi mhíthreoir an Uachtaráin.
== Athbhreithniú breithiúnach ==
Feidhmíonn an Chúirt Uachtarach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, cumhacht chun dlíthe nach bhfuil i gcomhréir leis an mBunreacht a dhíothú. Deonaíonn na cúirteanna urghairí ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí príobháideacha agus ar shaoránaigh chun comhlíonadh Bhunreachta a áirithiú. Foráiltear go sainráite le Bunreacht na hÉireann gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar reachtaíocht. Tá Achtanna a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí mas rud é go bhfuil siad contrártha don Bhunreacht (Airteagal 15.4.2°) ach tá Achtanna a bhfuil i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí más rud é go bhfuil siad ar neamhréir leis an mBunreacht (Airteagal 50.1). Foráilear leis an mBunreacht, chomh maith, faoi Airteagal 26, gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar bhillí roimh lámh an Uachtaráin a chur leis. Is é an tUachtarán amháin a fheidhmíonn an chumhacht chun billí a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí roimh dó/di dul i gcomhar leis an Comhairle Stáit. Nuair a sheasann an Chúirt Uachtarach le bunreachtúlacht Bhille a chuirtear faoina bráid, ní cead ag aon chúirt eile bunreachtúlacht an Bhille sin a bhreithniú arís (Airteagal 34.3.3°).
De ghnáth, is féidir le breithiúna na Cúirte Uachtaraí a mbreithiúnais féin a sheachadadh bíodh go n-aontaíonn nó go n-easaontaíonn sé/sí. Agus bunreachtúlacht Acht nó Bhille a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhuneachta á plé ag an gCúirt, áfach, déanann an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh (Airteagail 34.4.5° and 26.2.2°). Féadann na breithiúna breithiúnas easaontach nó breithiúnas aontaitheach a sheachadadh agus bunreachtúlacht Acht a ritheadh roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta á plé aici (Airteagal 50).<ref name="breithiúnais easaontacha">Mar shample, tugadh tuairimí easaontacha sa chás ''Norris v. an tArd-Aighne'', maidir le bunreachtúlacht alt 61 agus alt 62 an ''Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan, 1861'', ach rinne an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh sa chás ''Buckley v. an tArd-Aighne'', maidir le bunreachtúlacht ''Acht Cistí Sinn Féin, 1947''. Féach ar ''An Stát (Sheerin) v. Kennedy''.</ref>
== Dlí-eolaíocht ==
Ag tús stair an Stáit agus tar éis Bunreacht na hÉireann a fhógairt, bhí an Chúirt Uachtarach an-mall i leith dlí-eolaíocht a fhorbairt. Ach sa lá atá inniu ann, tá an Chúirt tar éis dlí-eolaíocht suntasach a fhorbairt. An fáth go raibh an Chúirt mall ag tús a hoibre ná gur páirt den Ríocht Aontaithe ab ea oileán na hÉireann roimh 1922 agus, mar sin, fuair breithiúna na Cúirte Uachtaraí a n-oiliúint i ndlí-eolaíocht na Breataine, dlí-eolaíocht a chuireann béim mhór ar ardcheannas parlaiminte agus urraim a thabhairt don reachtas. Ó na 1960idí ar aghaidh, áfach, rinneadh roinnt breithiúnas suntasach a sheachadadh ag an gCúirt. Mar shampla:
Líne 43:
* Ghlac sí le teoiric na comhréireachta agus chuir sí í i bhfeidhm i ndlí na hÉireann.
== Tagairtí ==
{{reflist}}
[[Catagóir:Cúirteanna na hÉireann]]
[[fr:Cour Suprême (Irlande)]]▼
[[en:Supreme Court of Ireland]]▼
[[de:Supreme Court (Irland)]]
▲[[en:Supreme Court of Ireland]]
▲[[fr:Cour Suprême (Irlande)]]
[[pt:Supremo Tribunal da Irlanda]]
|