An difríocht idir athruithe ar: "An Coimisinéir Teanga"

Content deleted Content added
Tagairt eile
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Oifig a bunaíodh i [[2004]] de thairbhe [[Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003]], é '''An Coimisinéir Teanga'''. Tá ról maoirseachta ag Oifig an Choimisinéara i leith chur i bhfeidhm na ndualgas teanga a bhfuil cur síos orthu san Acht agus is gá dó/di a bheith neamhspleách i mbun a c(h)úraimí. Ceapadh [[Seán Ó Cuirreáin]] mar chéad Choimisinéir ar 23 Feabhra 2004, de réir Chuid 4 den Acht.<ref name="role">[http://www.coimisineir.ie/index.php?page=rol_an_choimisineara&tid=9 Coimisineir.ie - Ról an Choimisinéara Teanga]</ref>
 
== Ceapachán ==
Is é/í [[Uachtarán na hÉireann]] a cheapann an Coimisinéir ar chomhairle an Rialtais. Déantar é seo tar éis do [[Dáil Éireann|Dháil Éireann]] agus [[Seanad Éireann]] rún a rith ina moltar an ceapachán.<ref name="role"/>
 
== Feidhmeanna an Choimisinéara ==
Is gá don Choimisinéir monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ndualgas dátheangachais atá ar ranna agus ar chomhlachtaí stáit, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, chomh maith leis na bearta cuí a dhéanamh le cinntiú go mbaintear amach na spriocanna a bhíonn i gceist. Bíonn air/uirthi gearáin a fhiosrú faoi theip ranna agus comhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoin acht nó faoi achtachán ar bith eile a bhaineann le stádas nó úsáid na [[Gaeilge]]. Anuas air sin, tá sé mar dhualgas ar an gCoimisinéir comhairle a chur ar mhuintir an phobail faoina gcearta teanga agus comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoina ndualgais, chomh maith le tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ar na cúrsaí seo le cur faoi bhráid an Oireachtais. Is ceadmhach don Choimisinéir tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta chomh maith.<ref>[http://www.coimisineir.ie/index.php?page=feidhmeanna_an_choimisineara_teanga&tid=9&lang= Coimisineir.ie - Ról: Feidhmeanna an Choimisinéara Teanga]</ref>
 
== Cumhachtaí an Choimisinéara ==
Tá cosúlacht mhór idir na cumhachtaí atá ag an gCoimisinéir Teanga in Éirinn agus a bheadh ag [[Ombudsman]]. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir eolas, doiciméid nó fianaise bhéil a lorg, lena gcabhrófaí le cur i gcrích a d(h)ualgas. D'fhéadfaí fíneáil €2,000 nó/agus príosúnacht 6 mhí a ghearradh ar dhuine ar bith a gheofaí ciontach as diúltú nó teip comhoibriú leis an gCoimisinéir. Ach tá sé mar pholasaí ag an gCoimisinéir béim a leagan ar chomhpháirtíocht agus ar chomhoibriú agus ní ar bhagairtí dlí.<ref>http://www.coimisineir.ie/index.php?page=cumhachtai_an_choimisineara_teanga&tid=9&lang=</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.coimisineir.ie/index.php?page=baile Suíomh gréasáin oifigiúil an Choimisinéara]