An difríocht idir athruithe ar: "Nuala Ní Dhomhnaill"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 16:
 
==Saol==
Rugadh i Lancashire [[Sasana|Shasana]] í sa bhliain [[1952]]. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí. Nuair nach raibh ach cúig bliana slánaithe aici bhog sí go Ceann Trá agus chónaigh lena haintín ar feadh dhá bhliain sular lean a tuismitheoirí í. Chomh maith le [[Gaeltacht]] [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhuibhne]] chaith sí tréimhsí i [[Luimneach]] agus in Aonach Urmhumhan le linn a hóige. Uncail léi is ea [[Pádraig Ó Fiannachta]]. Nuair a d'fhág sí Corca Duibhne chun dul go dtí an tAonach ar dtús bhí ionadh uirthi go raibh teanga eile, seachas an Ghaelainn, á labhairt. Uair amháin labhair banaltra san ospidéal Béarla léi agus d'fhiafraigh sise dá hathair: "Cad ina thaobh go bhfuil sí seo ag labhairt Béarla liomsa? Nach í seo Éire?". D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na Labhras i [[Luimneach|gCathair Luimnigh]] agus bhain sí BA amach sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus sa [[Béarla|Bhéarla]] i g[[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh]] idir 1969 agus 1972. Bhí sí ar bhaicle ''Innti'' agus mhait tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta. Rinne sí an tArd-Teastas san Oideachas sa bhliain 1973. Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef, tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Ar dtús chuaigh an lánúin óg go dtí an Ollainn, áit a raibh Dogan ag críochnú dochtúireachta agus ansan thugadar aghaidh ar an Tuirc sa bhliain 1975. Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University in [[Ancara]] agus thaitin an tír léi.
:''Bhí taithí agam ar mhuintir na Tuirce atá ana-fháiltiúil agus atá ana-mhuinteartha. Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.''
D'éirigh coimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar a míshuaimhneas dá bharr, go mór mhór anois agus beirt leanaí aici. Cheap sí freisin go raibh an Ghaelainn "ag éalú uaithi".