An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Chaistil"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
m litriú níos coitianta |
||
Líne 1:
De réir daonáirimh [[2001]], tá 5,089 daoine i m'''Baile an Chaistil''', agus is príomhbhaile riaracháin Cheantar na Maoile é. Tá an baile suite ag bun na habhann Margaidh ar an taobh thuaidh de [[Gleannta na hAontroma|Ghleannta (nó Glinntí) Aontroma]], ar chósta thuaidh [[Contae Aontroma|Chontae Aontroim]]. Sníonn Sruth na Maoile idir an baile agus Cinn Tíre na hAlban. Caitheann daonra an bhaile vótaí ar son páirtithe náisiúnacha sa chuid is mó, agus is é an Caiticeachas an creideamh is mó sa cheantar. Tá na Gleannta [[Caitliceach]] chomh maith, ach baineann an chuid is mó den daonra atá ina gcónaí faoin tuath taobh thiar den bhaile leis an bProtastúnachas.
Tá calafort beag i mBaile an Chaistil, áit a sheolann an bád fartha go [[
Labhrann an chuid is mó de mhuintir Bhaile an Chaistil an [[Béarla]]. Tá naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge ann anois agus aitheantas oifigiúil acu. Bhí [[Gaeilge]] beo sna Glinntí go dtí [[1960]] d’ainneoin gur chríochnaigh sí mar theanga phobail timpeall an Chéad Chogadh Mór. Bailíodh béaloideas i nGleann Seisce sna 1930-idí.
Tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i gcuimhne ar [[Guglielmo Marconi]], a rinne an chéad chraoladh raidió ar domhain nuair a chraol sé ó Bhaile an Chaistil go [[Reachraí]]. Tá clú agus cáil ar Bhaile an Chaistil mar gheall ar an bhFéile Lúnasa a théann ar aghaidh gach bliain [[Féile Sean-Lammas |Fhéile Sean-Lammas ]] (Ould Lammas Fair), titeann seo ar an [[Luan]] agus ar an [[Máirt]] deireanach de mhí [[Lúnasa]] gach bliain.
|