An difríocht idir athruithe ar: "Trenton, New Jersey"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 24:
 
Ba i dTrenton a raibh a chéad bhua ag [[George Washington]] i g[[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá]], sa bhliain 1776. Tharla sin ar an 26ú lá de Mhí na Nollag, nuair a chuaigh Washington agus a chuid saighdiúirí trasna an Delaware oighreogach agus d’ionsaigh siad an garastún Heiseánach ar an bhaile. [[Cath Trenton]] a thugtar air. Rinneadh príomhchathair an stáit de Trenton sa bhliain 1790.
[[File:JLMott Plant.jpg|mion|left|Monarcha J.L. Mott, Trenton, New Jersey, déantóirí trealamh pluiméarachta, 1911]]
Cuireadh tús ceart leis an tionsclaíocht sa chathair insna 1830idí tar éis thógáil na [[canáil|Chanála]] Delaware & Raritan agus na n-[[iarnród]] Pennsylvania agus Philadelphia & Reading. Bhunaigh Walter Scott Lenox ceardlann i dTrenton le poirceallán fíneálta a dhéanamh, ceann amháin as 40 gnólacht a bhí ag déanamh [[potaireacht]]a agus earraí cré bruite sa chathair sa bhliain 1905. Dhéantaí sreang, rópa, cáblaí, earraí [[rubar|rubair]] agus eile ann freisin.<ref>Encyclopædia Britannica, 11ú eagrán (1910), “Trenton”.</ref>
 
==Tagairtí==
{{reflist}}