An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Cliste (plé | dréachtaí)
Síol fíor fhada í seo!
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
[[Íomhá:Unico Anello.jpg|thumb|220px|Samhail den Aon Fháinne Amháin, arb é buninneall na n-imeachtaí é in úrscéal Tolkien.<!-- An chuid den Mheán-Domhan a fheictear ar an mapa, is é Mordor é, an tír ina bhfuil cónaí ar Sauron, an Tiarna Dubh.-->]]
 
== Tíreolas ==
 
Cheap Tolkien an Meán-Domhan mar [[ilchríoch]] sa chruinne ar a dtugann sé ''Arda''. Cuimsíonn Arda an Domhan, is é sin, ''Imbar'' nó ''Ambar'', chomh maith leis [[An Ghrian|an nGrian]], [[an Ghealach]] agus na [[Réalta|réaltaí]]. Is cuid den ollchruinne é Arda - is é ''Eä'' an ollchruinne.
 
Mar a chruthaigh Eru Ilúvatar (is é sin, Dia) an Domhan ar dtús, bhí dhá ilchríoch ann: an Meán-Domhan, nó ''Endor'', agus na Tailte Neamhbhásmhara (''The Undying Lands'') nó an Ríocht Bheannaithe (''The Blessed Realm'') - ''Aman''. Bhí an dá ilchríoch seo dealaithe ó chéile ag an bhFarraige Mhór, ''Belegaer''.
 
=== Aman ===
 
In Aman a bhí cónaí ar na ''Valar'', is é sin, ar na "miondéithe" nó na hardaingil a bhí cosúil le déithe na [[miotaseolaíocht]]aí [[An tSean-Ghréig|Gréagacha]], [[An tSean-Róimh|Rómhánacha]] agus [[An Ghearmáin|Gearmánacha]]. Ós rud é gur [[Caitliceach]] cráifeach ab ea é Tolkien, ba leasc leis ollchruinne mhiotasúil a chruthú nach mbeadh aon [[Dia]] amháin os a cionn, agus mar sin, chuir sé Eru Ilúvatar ag rialú Arda. Ón taobh eile de, bhí dúil aige riamh sna miotaseolaíochtaí réamh-Chríostaí agus ina gcuid déithe freisin, agus chruthaigh sé na ''Valar''. B'as Aman ó dhúchas do na hEilbh, na h''Eldar'', chomh maith.
 
=== Númenór ===
 
Bhí an t-oileán úd ''Númenór'' suite san Fharraige Mhór - nó sna Farraigí Dealaitheacha, ''The Sundering Seas'' - idir Aman agus an Meán-Domhan. Bhronn na ''Valar'' ar na Daoine é, ó tháinig na Daoine chun fortachta do na hEilbh le linn Chogadh na Seod, cogadh a chuir na hEilbh ar Morgoth, an ''Vala'' a d'iompaigh ina "dhiabhal". Mar sin, thug muintir Númenór ''Yôzâyan'', nó Tír an Bhronntanais, ar Númenór ina dteanga féin, an teanga ''Adûnaic''. Bhí teangacha na nEalbh, an teanga ''Sindarin'' agus an teanga ''Quenya'', á labhairt is á staidéar go forleathan i Númenór.
Líne 23:
Ar dtús, diosca mín leibhéalta ab ea é Imbar. Nuair a chuaigh muintir Númenór in anuabhar air, áfach, chuir Eru Ilúvatar athrú cuma ar an domhan: bhain sé an Ríocht Bheannaithe de dhromchla an Domhain, agus rinne sé liathróid de: anois, má chuaigh longa na ndaoine ar lorg Aman, níor tháinig siad sa deireadh ach ar an áit ar imigh siad.
 
=== An Meán-Domhan féin ===
 
Ar dtús, bhí cuma shiméadrach ar an Meán-Domhan, ach ansin, rinne Melkor (Morgoth), an ''Vala'' a chuaigh chun ceannairce ar Eru Ilúvatar, rinne sé an-scrios don ilchríoch, agus chuir sé an tsiméadracht as a riocht. Bhí an ilchríoch roinnte ina dhá fo-ilchríoch, ceann amháin thuaidh agus an ceann eile theas, agus slabhraí fada sléibhte thiar agus thoir sa dá fho-ilchríoch. Bhí na sliabhraonta ainmnithe as na dathanna: na Sléibhte Bána (''White Mountains''), na Sléibhte Gorma (''Blue Mountains''), na Sléibhte Liatha (''Grey Mountains''), agus na Sléibhte Dearga (''Red Mountains'').
Líne 29:
Diosca mín a bhí in Arda ar dtús. Chruthaigh na ''Valar'' dhá lampa móra millteanacha le solas a thabhairt: Illuin agus Ormal. Thóg an ''Vala'' Aulë, an saor agus an tógálaí, - thóg sé dhá thúr móra, Helcar i bhfad ó thuaidh agus Ringil i bhfad ó theas. Cuireadh Illuin ar Helcar, agus shuigh na ''Valar'' Ormal ar Ringil. Idir an dá lampa, san áit a raibh an dá chineál solas á mheascadh, bhí cónaí ar na ''Valar'' in oileán Almaren. Nuair a mhill Melkor an dá lampa, scriosadh oileán Almaren, agus fágadh farraigí móra san áit a raibh na lampaí. Chuaigh na ''Valar'' a chónaí taobh amuigh den Mheán-Domhan go dtí Aman, áit ar bhunaigh siad a ríocht féin, ''Valinor''. Tugadh Farraige Helcar ar an bhfarraige thuaidh, agus baisteadh an t-ainm ''Beleriand'' ar na críocha taobh thiar de na Sléibhte Gorma. Chruthaigh Melkor sliabhraon nua, Sléibhte an Cheo (''The Misty Mountains'') le cur as don ''Vala'' Oromë, a raibh de nós aige dul ag sealgaireacht sa Mheán-Domhan fiú i ndiaidh do na ''Valar'' aistriú go Valinor.
 
=== An Chéad Aois ===
 
An chuid is mó de na himeachtaí "staire" a luaigh Tolkien leis an gCéad Aois sa Mheán-Domhan, thit siad amach i mBeleriand. Taobh istigh de chríocha Beleriand, bhí ríochtaí folaithe na nEalbh: Doriath, arbh é an Rí Elu Thingol (Elwë Singollo) a rialaigh í, agus Gondolin, arbh é Turgon a bhunaigh í. Áit thábhachtach eile ab ea Nargothrond, dún daingnithe arbh é an tEalbh Finrod Felagund a bhunaigh é. Thoir sna Sléibhte Gorma a bhí cónaí ar na hAbhaic, agus iad tar éis dhá chathair mhóra a ghearradh sa chloch, Belegost agus Nogrod. Bhí an abhainn mhór úd Sirion ag rith idir Oirthear agus Iarthar Beleriand. San Oirthear, bhí ríocht Ossiriand in inbhear na habhann úd Gelion - b'í Ossiriand ríocht na treibhe sí ar a dtugtar na hEilbh Liatha. Taobh thuaidh de Beleriand, bhí na réigiúin úd Nevrast, Hithluin, agus Dor-lómin, chomh maith le Sléibhte an Iarainn (''Iron Mountains''), áit a raibh Angband, dún Melkor. B'é Cogadh na Feirge (''War of Wrath'') idir lucht leanúna na ''Valar'' agus sluaite armtha Melkor a chuir deireadh leis an gCéad Aois.
 
=== An Dara agus an Tríú hAois ===
Sa Dara agus sa Tríú hAois, b'iad na réigiúin ba tábhachtaí in Iarthar an Mheán-domhain ná Eriador, Gondor, Sléibhte an Cheo, agus gleannta na habhann móire úd Anduin. Is iad na Sléibhte Gorma, nó Ered Luin, teorainn nádúrtha Eriador san iarthar, agus iad ag rith in aice leis an bhfarraige. Tá Mithlond, nó na Cuanta Liatha (''Grey Havens''), suite in Inbhear Lhûn: is ansin a théann na hEilbh ar bord loinge le haghaidh a thabhairt ar an Ríocht Bheannaithe. Mar a chonaic muid thuas, ní féidir an Ríocht Bheannaithe a shroicheadh ón Meán-Domhan a thuilleadh, ach amháin le longa draíochta na nEalbh, agus iad in ann an Bealach Díreach (''the Straight Path'') a sheoladh go dtí Valinor.
 
Líne 45:
Taobh theas agus thoir de Shléibhte an Cheo a bhí ríocht na Rochann - is é an leagan Béarla a bhí ag Tolkien ná ''Rohan'', ach san iarfhocal a chuir sé le ''Tiarna na bhFáinní'', dúirt sé go bhfuil Rohan "bunaithe ar an bhfoirm Rochann, seanfhoirm Rochand", agus mar sin, is féidir Rocha nó tír na Rochann a thabhairt uirthi as Gaeilge. Bhí na Rochannaigh ina gcomhghuaillithe ag muintir Gondor, a raibh a dtír suite taobh theas de Rochainn. De shliocht Númenór ab ea iad muintir Gondor. Taobh thoir de Gondor, bhí Mordor suite, tír a bhí timpeallaithe ag na sléibhte ó thrí thaobh, agus b'ansin a bhí cónaí ar Sauron, an Tiarna Dubh, sa Túr Dorcha, nó Barad-dûr. Bhí na tailte ó theas ó Gondor - Harad, nó an Deisceart - faoi fhorlámhas Sauron, agus a muintir naimhdeach do Gondor.
 
=== Logainmneacha ===
 
* '''Angrenost''' nó an ''Daingean Iarainn'' (Béarla: ''Isengard''), daingean Saruman.
Líne 105:
* '''Udûn''', gleann in Iarthuaisceart Mordor.
 
== Stair ==
 
Sa díolaim mhiotaseolaíoch a chuir Christopher Tolkien, mac an scríbhneora, in eagar i ndiaidh bhás J.R.R. Tolkien féin, mar atá, ''The Silmarillion'', aithnítear ceithre mhórthréimhse stairiúla, mar atá, ''Ainulindalë'', ''Blianta na Lampaí'', ''Blianta na gCrann'' agus ''Blianta na Gréine''. Sa Mheán-Domhan féin, áfach, thosaigh taifead na staire nuair a mhúscail na hEilbh an chéad uair, sa Chéad Aois. Faoin am sin a d'éirigh an Ghrian an chéad uair, freisin. B'ansin a thosaigh Blianta na Gréine, agus ní cuimhin leis na hEilbh féin a dhath ón am roimhe sin - Tosach na Laethanta, mar a thugann muintir an Mheán-domhain féin air.
 
=== ''Ainulindalë'' ===
 
I dtús báire, bhí Eru Ilúvatar ann, is é sin, Dia, agus chruthaigh Sé spioraid mhóra, na h''Ainur''. Mhúin Sé do na h''Ainur'' ceol a dhéanamh, agus thosaigh siad ag seinm leo, de réir an téama a thug Ilúvatar dóibh. An t''Ainu'' ba láidre acu ar fad, Melkor, ar ar tugadh Morgoth ní ba deireanaí, chuir sé an téama as a riocht, agus ansin, thug Ilúvatar téamaí nua, ionas gur éirigh an ceol róchasta le bheith intuigthe ag na h''Ainur'' féin. Sa deireadh, ghair Ilúvatar an ceol chun saoil: ''Eä!'' - "bíodh sé ann!" - agus ansin, d'iompaigh ceol na n''Ainur'' - an truailliú a mheasc Melkor tríd san áireamh - ina ollchruinne, nó ''Eä''. Cuid de na h''Ainur'', thuirling siad ansin ar ''Eä'' le snas a chur ar a raibh cruthaithe ag Ilúvatar.
 
=== Tús na Laethanta ===
 
Nuair a chuaigh na h''Ainur'' síos in ''Eä'' le h''Arda'' a fhoirmiú agus a ullmhú le haghaidh Chlann Ilúvatar - is é sin, na Daoine agus na hEilbh - tháinig Melkor agus a chuid ansin freisin, agus iad ag cur ó mhaith obair na n''Ainur'' eile. Roinntear na h''Ainur'' ina dhá rang: is iad na ''Valar'' an chuid is cumhachtaí acu, agus thairis sin, tá na ''Maiar'' ann. B'é Melkor an t''Ainu'' ba láidire acu, ach b'é Manwë ceannasaí na n''Ainur''. Bhí baint ag gach ''Vala'' le gné áirithe den domhan, agus b'ansin a bhí a chuid cumhachtaí fócasaithe. Bhí dúil ag Melkor sna hantoisceachtaí - an teas mór, an fuacht mór, na talamhchreatha, an dorchadas dubh, an solas dallraitheach agus araile. Ar dtús, rachadh sé rite leis na ''Valar'' eile bac a chur ar Melkor. Ansin, áfach, tháinig Tulkas go hArda, agus in éineacht le Tulkas, bhí na ''Valar'' sách láidir le Melkor a ruaigeadh go dtí an dorchadas timpeall ar Arda, agus ansin, chrom siad arís ar an obair Arda a ullmhú do mhúscailt Chlann Ilúvatar.
 
Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Blianta na Lampaí. Ar dtús, bhí Arda mín leibhéalta, agus rinne na ''Valar'' dhá lampa móra le solas a chaitheamh air. B'iad na hainmnacha a thug siad ar na Lampaí ná Illuin agus Ormal. I lár Arda, áit a raibh solas an dá Lampa le feiceáil, a bhí cónaí ar na ''Valar'' in Oileán Almaren. Tugtar '''Earrach Arda''' ar an tréimhse seo fosta: bhí na ''Valar'' díreach tar éis an chuma ab fhearr leo a chur ar Arda, agus Melkor fágtha ar imeall na hollchruinne, taobh amuigh de Bhallaí na hOíche (Béarla: ''the Walls of Night''). San am seo, thosaigh na coillte ag fás, agus na chéad ainmhithe ag teacht chun saoil. Ansin, áfach, d'éirigh le Melkor seangú isteach arís, agus chuir sé deireadh le hEarrach Arda, nuair a scrios sé an dá Lampa.
 
I ndiaidh scrios na Lampaí, thosaigh blianta na gCrann. Tharraing na ''Valar'' siar go Valinor in Iarthar Arda, agus rinne an ''Vala'' Yavanna, Bronntóir na dTorthaí, rinne sí dhá chrann móra le solas a thabhairt ar Valinor, mar atá, Telperion, an Crann Airgid, agus Laurelin, an Crann Óir. Bhí an dá Chrann ag tabhairt solais d'Aman, ach d'fhan an Meán-Domhan i ndorchadas, gan de sholas ansin ach na réaltaí.
 
=== Na hImeachtaí sa Chéad Aois ===
 
I dtús na Chéad Aoise, dhúisigh na hEilbh in Oirthear an Mheán-domhain in aice le Loch Cuiviénen. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na ''Valar'' i dteagmháil leo, agus iad ag áitiú ar na hEilbh an oilithreacht a dhéanamh anoir go Valinor. Cuid de na hEilbh, níor thug siad aird air seo, agus scar siad leis an gcuid eile. San am seo, d'éirigh le Melkor na ''Valar'' eile a bhréagadh chun é a scaoileadh saor, agus nuair a d'éirigh, chuaigh sé go dtí an Meán-Domhan le heasaontas a chothú i measc na nEalbh. D'éirigh leis beirt phrionsaí Sí, Fëanor agus Fingolfin, a chur in adharca a chéile, agus mharaigh sé athair na beirte acu, Finwë. Ghoid sé na ''Silmaril''í, trí sheoid a raibh solas an dá Chrann iontu, agus scrios sé na crainn féin.
Líne 133:
I rith na Síochána Fada, dhúisigh na Daoine, agus rinne siad a mbealach thar na Sléibhte Gorma go Beleriand. Sa deireadh, áfach, d'éirigh le Morgoth an léigear a bhriseadh, agus ansin, d'ionsaigh sé ríochtaí na nEalbh sa Mheán-Domhan. Chloígh sé gach ceann acu, fiú Gondolin, an chathair cheilte. B'é an t-aon rath amháin a bhí ar na Daoine agus na hEilbh araon gur éirigh le Beren, fear daonna, agus Lúthien, cailín de phór na nEalbh is na ''Maiar'', an ''Silmaril'' a bhaint de choróin Morgoth. Fuair Beren agus Lúthien bás go gairid ina dhiaidh sin, ach bhí Mandos, an ''Vala'' a thugann aire d'anamacha na marbh, - bhí sé sásta iad a ghairm chun beatha arís, ar acht is nach bheicfeadh aon Duine Beren ina bheo arís, agus go mbeadh Lúthien sásta bás an duine dhaonna a fháil. Cuid an-tábhachtach de mhiotaseolaíocht phríobháideach Tolkien écéal grá Beren agus Lúthien. Is iad na hainmneacha seo atá le léamh ar thuama Tolkien agus a mhná céile, fiú.
 
Mharaigh na hAbhaic Thingol, athair Lúthien, agus ghoid siad an ''Silmaril'' uaidh. Le cuidiú na nEinteach, rinne Beren luíochán roimh na hAbhaic agus sciob sé an ''Silmaril'' uathu. Thug sé an ''Silmaril'' do Lúthien, ach fuair an bheirt acu bás - agus b'é an fíorbhás é an iarracht seo - go gairid ina dhiaidh sin. D'fhág siad an ''Silmaril'' ag a mac Dior. B'é Dior a bhunaigh an ríocht úd Doriath in athuair. Nuair a fuair clann mhac Fëanor amach go raibh ceann de na ''Silmaril''í ag Dior, tháinig siad á éileamh air, agus nuair a dhiúltaigh sé an tseoid a thabhairt dóibh, mharaigh siad é. Scrios siad Doriath freisin - b'é seo an Dara Fionaíl (''the Second Kinslaying''). Ní bhfuair siad an ''Silmaril'', áfach, nó d'éalaigh iníon Dior, Elwing, uathu, agus an tseoid aici. Fuair triúr mac de chuid Fëanor - Celegorm, Curufin, agus Caranthir - bás, agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar an ''Silmaril''.
 
I ndeireadh na Chéad Aoise, ní raibh saoirse ag na hEilbh ná ag na Daoine ach amháin in inbhear na habhann úd Sirion, ina measc siúd Eärendil a phós Elwing. Tharraing clann Fëanor trioblóid arís, áfach, agus iad ag éileamh an ''Silmaril'' dóibh féin. D'éirigh ina chogadh idir iad agus lucht leanúna Eärendil, - b'é sin an Tríú Fionaíl (''The Third Kinslaying'' as Béarla). Ansin, thug Eärendil agus Elwing an ''Silmaril'' leo trasna na farraige go dtí Valinor le cabhair na ''Valar'' a iarraidh. Bhí na ''Valar'' sásta cuidiú leo, agus tháinig siad go dtí an Meán-Domhan le Morgoth a phríosúnú.
 
=== Na hImeachtaí sa Dara hAois ===
 
I dtús na Dara hAoise, fuair na Daoine an t-oileán úd Númenór mar bhronntanas ó na ''Valar'', nó ''Yôzâyan'', Tír an Bhronntanais, mar a thug siad air ina dteanga féin, an ''Adûnaic''. San am céanna, is iomaí Ealbh a fuair fáilte ó na ''Valar''. Bhí na Númenóraigh ní b'fhadsaolaí ná na Daoine eile. Chuaigh siad le seoltóireacht, agus iad ag teacht ar cuairt i gcuanta an Mheán-domhain agus ag múineadh scileanna nua do mhuintir na n-áiteanna sin. I rith na blianta, áfach, tháinig éad ar na Númenóraigh leis na hEilbh, ó bhí saol suthain síoraí acu siúd. Nuair a bhí na Númenóraigh i bpraidhm a gcumhachta (seachas i mbarr a maitheasa), bhí siad ina dtiarnaí agus ina dtíoránaigh ar Dhaoine an Mheán-domhain, in áit a bheith ag tabhairt cabhrach agus oideachais dóibh.
Líne 150:
San am seo, bhí Sauron ag caitheamh a scáile ar Númenór. Ní raibh na ríthe sásta bás a fháil go sásta síochánta i ndiaidh a gcuid suilt a bhaint as an saol. Ina áit sin, bhí siad ag cloí leis an mbeatha go santach. Sna laethanta a bhí, bhí muintir Númenór riamh dílis agus buíoch do na ''Valar'' agus d'Eru, ach anois, bhí siad ag déanamh dearmaid den chíos a bhí dlite uathu do na ''Valar''. Bhí siad ag éirí faoi chinniúint an Duine, is é sin, an bhásmhaireacht. Scoilt muintir Númenór ina dhá leath, mar atá, lucht leanúna an Rí, nach raibh ag teastáil uathu ach tuilleadh cumhachta a bhaint amach do Númenór beag beann ar na hEilbh agus na ''Valar'', agus na Fíréin, a d'fhan dílis do na hEilbh agus a thug aird ar fhocail Eru Ilúvatar i gcónaí.
 
Bhí Sauron chomh cinnte ann féin is gur fhógair sé gurbh eisean Rí na nDaoine. Níor thaitin an ghaisciúlacht seo le hAr-Pharazôn, rí deireanach Númenór, nó bhí sé den tuairim gurbh eisean Rí na nUile Dhaoine. Mar sin, ghléas sé fórsa armtha agus sheol sé go dtí an Meán-Domhan le dúshlán Sauron a thabhairt. Thuig Sauron nach mbeadh seans ar bith aige in aghaidh a leithéid de shluaite armtha, agus bhí sé sásta é féin a ghéilleadh d'Ar-Pharazôn a rinne príosúnach de. Bhí Sauron ábalta a shaoirse a fháil ar ais lena chuid bladaireachta, agus go gairid ina dhiaidh sin, bhí sé ina chomhairleoir ag Ar-Pharazôn. D'inis sé don rí gurbh é Melkor an fíor-Dhia, agus nach raibh i gceist le hEru Ilúvatar ach bréag de chuid na ''Valar''. Thosaigh an Rí ag géarleanúint na bhFíréan, agus maraíodh cuid mhór acu mar íobairt do Melkor. Nuair a d'éirigh Ar-Pharazôn sean, d'áitigh Sauron air gur chóir dó ionsaí a thabhairt faoi Valinor le rún an tsaoil shíoraí a bhaint amach ó na ''Valar'' le lámh láidir. Bhí eagla ar Ar-Pharazôn roimh an mbás, agus mar sin, chruinnigh sé cabhlach millteanach cogaidh le seoladh go Valinor. Rith le hAmandil, a bhí i gceannas ar na Fíréin, go bhféadfadh sé sampla Eärendil a leanúint agus trócaire a iarraidh ar na ''Valar''. Mar sin, sheol sé go Valinor beag beann ar Ar-Pharazôn agus a chabhlach, ach níor chualathas iomrá air riamh ina dhiaidh sin. San am céanna, d'ullmhaigh Elendil, mac Amandil, agus an bheirt mhac aige siúd, Isildur agus Anárion, na Fíréin chun éalú ó Númenór le himirce a dhéanamh go dtí an Meán-Domhan.
 
==== ''Akallabêth'' agus deoraíocht shliocht Elendil ====
 
Nuair a chuaigh Ar-Pharazôn i dtír in Aman, tharraing sé fearg Eru Ilúvatar anuas air féin. Scriosadh cabhlach agus arm Ar-Pharazôn go hiomlán, agus chuir Ilúvatar athrú cuma ar an Domhan. D'fhág Sé déanamh na liathroide air, agus scar sé ó Aman é, ionas nach bhféadfá Valinor a bhaint amach le gnáthlong arís. Níor fhág Sé ach aon Bhealach Díreach amháin ón Meán-Domhan go hAman, agus ní fhéadfadh ach longa draíochta na nEalbh an bealach sin a aimsiú. Maidir le Númenór, d'éirigh na farraigí suas ina dtaoide tuile, agus shuncáil siad an t-oileán ar fad. B'é seo an Díle (Béarla: ''The Downfall''), nó, mar a thugtar air i dteanga mhuintir Númenór, ''Akallabêth''.
Líne 162:
I ndiaidh bhás Isildur, cailleadh an Fáinne, agus níor chualathas a dhath faoi ar feadh i bhfad.
 
=== Na hImeachtaí sa Tríú hAois ===
 
Tá imeachtaí Thiarna na bhFáinní suite sa Tríú hAois. I ndiaidh do na ''Dúnedain'' - iarsmaí mhuintir Númenór - seadú sa Mheán-Domhan, tháinig dhá ríocht mhóra de chuid na nDaoine ar an bhfód san ilchríoch, Arnor agus Gondor. Bhí na hEilbh ag cailleadh a seanmhisnigh, agus iad ag imeacht leo as an Meán-Domhan. Mar sin, d'fhan ríochtaí dá gcuid anseo agus ansiúd. Ag druidim chun deireanais don Tríú hAois, d'éirigh Sauron láidir arís, agus é ag santú an tAon Fháinne Amháin. Neach réamh-Hobadach, nó cineál Hobaid, darbh ainm Sméagol a tháinig i seilbh an Fháinne ar dtús, ach ós rud é gur chuir urchóid inmheánach an Fháinne a shaol ó mhaith air, d'éalaigh sé as measc a mhuintire, agus an Fáinne á choinneáil bheo thar ghnáthfhad saoil na ndaoine is na hobad. Rinne sé dearmad dá ainm, agus is é an t-ainm a ghlac sé air ná Gollum, in aithris an cineál fuaime a dhéanfadh a scornach agus é ag slogadh. Sa deireadh, d'éirigh leis an Hobad Bilbo Baggins an Fáinne a mhealladh ó Gollum. Thug Bilbo an Fáinne dá ghaol óg, Frodo, ach ansin, fuair searbhóntaí Sauron, na Marcaigh Dhubha (''Black Riders'') nó na Taibhsí Fáinne (''Ringwraiths'') amach faoin áit a raibh an Fáinne. B'éigean do Frodo éalú ón tSír, ceantar dúchais na Hobad, agus cabhair a iarraidh ar na hEilbh in Imladris (Béarla: ''Rivendell''). B'é an chomhairle a ghlac na hEilbh agus ionadaithe na gciníocha eile ná gur chóir an Fáinne a leá sa tine chéanna ar tháinig sé aisti, is é sin, i Sliabh na Cinniúna (Béarla: ''Mount Doom'', sa teanga Sindarin ''Orodruin'' nó ''Amon Amarth''), bolcán i Mordor, ríocht Sauron. I ndiaidh eachtraí sceitimíniúla, d'éirigh le Frodo agus a shearbhónta dílis an Fáinne a thabhairt a fhad le Sliabh na Cinniúna. Sa deireadh, bhí dúil nimhe ag Frodo féin san Fháinne, ionas nach bhféadfadh sé é a chaitheamh isteach, ach ansin, bhain Gollum an Fáinne de, agus thit sé féin síos i laibhe an bholcáin, agus an Fáinne leis.
 
== Ciníocha ==
 
=== Na h''Ainur'' ===
 
==== Na ''Valar'' ====
 
Is iad na ''Valar'' na h''Ainur'' is airde céim. D'fhéadfá ardaingil a thabhairt orthu. Chruthaigh Eru Ilúvatar iad sular chruthaigh Sé an Ollchruinne (''Eä''), an Grianchóras (''Arda'') agus an Domhan (''Imbar''). Luaigh Tolkien na ''Valar'' seo, ach is dócha nach bhfuil iontu ach na ''Valar'' is mó cumhachta - ríthe agus banríonacha na ''Valar''. Is í an teanga ''Valarin'' a labhraíonn siad. Murab ionann agus na teangacha ''Quenya'' agus ''Sindarin'', ní dhearna Tolkien mórán forbartha riamh ar an teanga seo. Is féidir, áfach, teacht ar bhlúiríní di ina chuid lámhscríbhinní, a foilsíodh i ndiaidh a bháis sa tsraith ''The History of Middle-earth''. Bhí focail na teanga seo ní b'fhaide ná focail na dteangacha ''Sindarin'' agus ''Quenya''. Mar shampla, is é an leagan ''Valarin'' d'ainm Tulkas ná ''Tulukastâz''.
Líne 204:
* '''Nessa''', Bantiarna an Damhsa agus bean chéile Tulkas.
 
==== Na ''Maiar'' ====
 
Is ''Maiar'' iad na carachtair thábhachtacha seo i dTiarna na bhFáinní, mar shampla:
Líne 220:
* '''Melian''', bean chéile Elu Thingol agus máthair Lúthien Tinúviel. Luaitear sa leabhar úd ''The Silmarillion'' í.
 
=== Na hEilbh ===
 
Dhúisigh na hEilbh roimh na Daoine, agus iad neamhbhásmhar. Is é sin, ní thiocfadh an tseanaois orthu, ach d'fhéadfaidís bás a fháil i machaire an áir nó ar bhealach foréigneach eile. Is iad na teangacha a labhraídís ná an teanga ''Quenya'' agus an teanga ''Sindarin''. B'í an teanga ''Quenya'' an tseanteanga léannta, ach b'i an teanga ''Sindarin'' an ghnáthchaint. Ó am go ham, thagair Tolkien do chanúintí éagsúla den teanga ''Sindarin'' a d'fhéadfadh a bheith chomh difriúil le chéile is nach dtuigfeadh lucht a labhartha a chéile ach ar éigean.
Líne 226:
Tá cuid mhaith iarsmaí den teanga ''Quenya'' fágtha i lámhscríbhinní Tolkien. Tá lucht díograise ann agus iad ag iarraidh an teanga a chaighdeánú agus a úsáid le chéile, fiú. Cé go bhfuil a lán focal agus abairtí sa teanga ''Sindarin'' le fáil i scríbhinní Tolkien freisin, níl sé leath chomh furasta leagan caighdeánaithe den t''Sindarin'' a oibriú amach. Is amhlaidh nach raibh mórán suime ag Tolkien riamh sna teangacha beo, nó b'fhearr leis taighde a dhéanamh ar na teangacha marbha (an Sean-Bhéarla, mar shampla) agus ar an teangeolaíocht stairiúil - is é sin, ar an dóigh a n-athraíonn agus a bhforbraíonn na teangacha i rith na gcéadta bliain. Mar sin, cé gur thug sé an-chur síos ar an dóigh ar fhorbairt na dtamhan éagsúil i leaganacha "stairiúla" éagsúla de na teangacha Ealbhacha, níor bhac sé riamh le gramadach ná téacsleabhar na dteangacha seo a chur ar fáil dá chuid léitheoirí.
 
=== Na hAbhaic ===
 
De réir mar a d'inis Tolkien sa ''Silmarillion'', b'é Aulë a chruthaigh na hAbhaic. Ar dtús, ní raibh toil dá gcuid féin acu, agus ní raibh siad ábalta a dhath a dhéanamh as a stuaim féin: chaithfeadh Aulë iad a "chianrialú". Thuig Aulë ansin nach raibh sé in ann neacha intleachtúla a chruthú a bheadh inchurtha le clann Ilúvatar, agus d'ardaigh sé a chasúr leis na hAbhaic a scrios arís. Ansin, áfach, d'éalaigh na hAbhaic óna chasúr, nó bhí Eru tar éis trua a ghlacadh le hAulë agus A bheannacht a thabhairt dá obair.
Líne 232:
Saoir chloiche sciliúla iad na hAbhaic, agus cónaí orthu i hallaí móra a ghearrann siad i gcloch na sléibhte. Is í an duáilce is mó a bhíonn acu ná an tsaint atá acu sa saibhreas agus san ór. Tá teanga dá gcuid féin acu, an teanga ''Khuzdul'', agus is é ''Khâzad'' a n-ainm sa teanga seo. Teanga rúnda í nach mbíonn á staidéar ach ag na hAbhaic féin, agus mar sin, níor bhac Tolkien ach cupla focal di a sholáthar. Is í Comhchaint an Iarthair an teanga a bhíonn siad a labhairt leis na ciníocha eile. Na hainmneacha atá orthu ina dteanga féin, tá siad chomh rúnda is nach mbreacann siad síos iad fiú ar a gcuid tuamaí. Na gnáthainmneacha "poiblí" a bhaist Tolkien orthu i dTiarna na bhFáinní, cosúil le ''Gimlí'', ''Glóin'', ''Trór'' agus ''Tráin'', fuair sé ón Íoslainnis (nó ón tSean-Lochlainnis) iad.
 
=== Na Daoine ===
 
Tugtar ''Edain'' ar na Daoine sa teanga ''Sindarin'', agus is é ''Atani'' an leagan ''Quenya''. Dhúisigh na Daoine ní ba deireanaí ná na hEilbh, agus murab ionann agus iadsan, tá na Daoine básmhar. Is é an tuiscint a bhí ann ar dtús gur ''bronntanas'' ab ea é an Bás a fuair na Daoine ó Eru Ilúvatar, nó éalú a bhí ann ón Domhan, bealach éalaithe nach raibh ar fáil do na hEilbh ná do na ''Valar'' féin. Nuair a thruailligh [[Melkor]] croíthe na nDaoine, áfach, tháinig eagla orthu roimh an mbronntanas, agus thosaigh siad ag dearcadh air mar a bheadh damnú ann. Ghlac siad col leo féin agus lena nádúr féin. Sin é an tuige ar fhéach muintir Númenór, mar shampla, neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí ar an domhan seo a bhaint amach dóibh féin trí Valinor a ionsaí.
Líne 244:
Níor bhac Tolkien riamh leis an teanga ''Westron'' a fhorbairt mórán, nó is é an tuiscint a bhí aige ná gur sheas an Béarla i dTiarna na bhFáinní don ''Westron''. Maidir leis an ''Adûnaic'', d'fhág sé cupla abairt agus sceits gramadaí againn. Tá an chuid is mó den ábhar seo ar fáil sa leabhar úd ''Sauron Defeated'', an naoú cuid den ''History of Middle-earth''.
 
=== Na Hobaid ===
 
Hobaid iad príomhlaochra an úrscéil: Biolbó Baigín, Fródó Baigín, Sam Gamgee, Merry Brandybuck, agus Peregrin Túc. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na Hobaid sa tSír (''The Shire'') in Eriador. Cuid de Ríocht Arnor a bhí sa tSír a fhad is a mhair an ríocht sin. Is gnách leis na Hobaid a gcónaí a dhéanamh i bpoill faoi thalamh, cé go mbíonn tithe ag an gcuid is saibhre acu. Cineál Daoine iad go bunúsach, ach amháin go bhfuil siad i bhfad níos ísle fás ná na fíor-Dhaoine. Is í an teanga a labhraíonn siad ná an ''Westron'', cé go raibh teanga eile acu fadó, agus í ní ba chosúla le teanga na Rochann. Mhair cuid mhaith focal ón tseanteanga i ngnáthchaint na Síre. Chuaigh Merry Brandybuck sna saighdiúirí i Rochainn, áit a gcluineadh sé an teanga á labhairt ina thimpeall go minic, agus d'aithin sé cuid mhaith focal óna chanúint féin i mbéal na Rochannach.
Líne 250:
Ní raibh a fhios ag cuid mhór de mhuintir an Mheán-domhain an focal "hobad", agus is é an t-ainm a bhí acu ar na hobaid ná "leathdhaoine" (Béarla: ''Halflings'', an teanga ''Sindarin'': ''periannath''). Níor thaitin an t-ainm seo leis na hobaid, áfach.
 
=== Na hOirc ===
 
Cineál arrachtaigh ab ea iad na hOirc, agus iad i seirbhís Sauron (d'éirigh le Saruman, áfach, arm Orc dá chuid féin a ghoradh is a chothú). Níl sé soiléir cérbh as dóibh ó thús, ach dealraíonn sé gur cine a bhí iontu a chruthaigh Morgoth trí dhaoine agus eilbh a thruailliú lena olcas. Cibé scéal é, ní raibh grá ag na hOirc d'aon rud: bhídís riamh ag troid le chéile, agus ní thabharfaidís urraim ar bith do Sauron féin ach go bé go raibh an bás ag bagairt ar chách a rachadh chun diúnais ar an Tiarna Dubh.
Líne 256:
Cheap Sauron teanga rúnda dá chuid searbhóntaí, an Teanga Dhubh, ach ní raibh grá ag na hOirc don teanga féin, agus níor bhac siad le caighdeán Sauron a thabhairt leo. Mar sin, thit an teanga as a chéile ina canúintí scaipthe, agus mar sin, b'éigean do na hOirc an Chomhchaint - an ''Westron'' - a úsáid le haghaidh cumarsáide eatarthu féin go minic, ó nach dtabharfaidís canúintí coimhthíocha a dteanga féin.
 
=== Na hEintigh ===
 
Tugann na hEintigh (''Ents'' as Béarla; tá an t-ainm seo bunaithe ar fhocal Sean-Bhéarla a chiallaíonn "fathach") aire do na crainn, agus iad féin an-chosúil leis na crainn, ach amháin go bhfuil caint agus tuiscint acu. B'í an ''Vala'' Yavanna a d'áitigh ar Eru Ilúvatar na hEintigh a chruthú leis na crainn a chosaint ar na Daoine, na hEilbh agus na hAbhaic. D'fhoghlaim na hEintigh an chaint agus na teangacha ó na hEilbh, ó theastaigh uathu siúd bheith in ann caint a dhéanamh le cách. (Coinnigh cuimhne air gurb é an t-ainm a bhí ag na hEilbh orthu féin sa teanga ''Quenya'' ná ''quendi'', is é sin, "na cainteoirí".) Tá a dteanga féin ag na hEintigh, ach níl aon neach eile ábalta an teanga sin a fhoghlaim, nó tá na focail an-fhada, agus an ghramadach chasta. Bíonn na hEintigh ábalta teangacha na gciníocha eile a fhoghlaim go gasta, áfach. Bíonn siad an-mhall ina gcuid nósanna, ach is féidir leo a bheith iontach dainséarach mar naimhde.
Líne 262:
 
{{DEFAULTSORT:Mean-Domhan, An}}
 
[[Catagóir:J. R. R. Tolkien]]
[[Catagóir:Tiarna na bhFáinní]]
 
{{Nasc AR|pl}}