An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

Content deleted Content added
m Ag baint Location-Austria-Hungary-01.png amach, agus ag chur Location_Austria_Hungary_1914.png isteach mar ionadúchán. (Scrios [[commons:User:Rehman|Rehman]
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 28:
|dlús_daonra= 78 /km2
|fonótaí=}}-->
[[FileÍomhá:Location_Austria_Hungary_1914.png|thumb|Impireacht na hOstaire agus na hUngáire sa bhliain 1913]]
Aontas monarcaí idir coróin Impireacht na hOstaire agus coróin Ríocht na hUngáire ab í '''An Ostair-Ungáir''', a dtugtaí Impireacht na hOstair-Ungáire, an Démhonarcacht, Monarcacht na [[An Danóib|Danóibe]], nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga (''kaiserlich und königlich'', nó ''k. u. k.'') uirthi chomh maith. Bhí sí suite i lár na [[An Eoraip|hEorpa]]. Bunaíodh an t-aontas le Comhréiteach (''Ausgleich'') na bliana 1867. De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit. cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.
 
Líne 51:
Is é an teideal a chuireadh an monarc lena ainm agus é ag síniú conarthaí idirnáisiúnta ná ''Kaiser von Österreich und Apostolischer König von Ungarn'', is é sin, Impire na hOstaire agus Rí Aspalda na hUngáire. Sa chaidreamh phearsanta, thugtaí ''Seine K. u. K. apostolische Majestät'', "A Mhórgacht Aspalda Impiriúil agus Ríoga" air.
 
==== Tailte na hOstaire ====
 
Ba iad tailte na hOstaire ná:
Líne 85:
* Vorarlberg (príomhchathair: Bregenz. Ceann de na stáit fheidearálacha é Vorarlberg san Ostair inniu. Cuid de Chontae Dhiúcach na Tioróile a bhí i Vorarlberg ó thús, agus cé gur bronnadh sórt féinrialtais air sa bhliain 1861, bhí sé á riar mar chuid den Tioróil ina dhiaidh sin féin.)
 
==== Tailte na hUngáire ====
 
* Ríocht na hUngáire. Tabhair faoi deara go raibh a lán teangacha éagsúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa ríocht seo, ach ní raibh stádas ar bith acu san Ungáir. Mar shampla, bhí a ríocht agus a gcoróin féin ag na Seicigh sa Bhoihéim, ach ní raibh aon chineál stáit ná fiú stát soip ag na Slóvacaigh san Ungáir. Ba í Búdaipeist an phríomhchathair, ar ndóigh.
Líne 93:
* Fiume - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniu, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é ''fiume'', agus focal Cróitise é ''rijeka''.
 
==== An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ====
 
Sa bhliain 1878, shealbhaigh an Ostair-Ungáir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, chomh maith le cathair Novi Pazar agus an cúige (''Sandžak'') a bhain léi ón Tuirc Otamánach. Bhí na tailte seo á rialú mar ghabháltas míleata go dtí an bhliain 1908, nuair a nascghabh an Ostair iad - is é sin, nuair a cuireadh leis an Impireacht iad go hoifigiúil.
Líne 115:
* [[Úcráinis]]: Австро-Угорщина/Avstro-Ugorshchina
 
== Bunreacht ==
 
Ní raibh bunreacht ag an démhonarcacht i gciall cheart an fhocail. Is iad na dlíthe seo leanas a rinne gnó an bhunreachta:
Líne 125:
* an Conradh um Aontas Custaim agus Trádála ón mbliain 1878, a d'fhoráil gur aon tír amháin a bhí ann ó thaobh na ndleachtanna custaim is na trádála de.
 
== Teangacha ==
 
Ba iad an Ghearmáinis agus an Ungáiris na príomhtheangacha, ach san Ostair agus sna húdaráis impiriúla ríoga, cosúil leis na fórsaí armtha, bhí na húdaráis sásta stádas áirithe a ghéilleadh do na teangacha mionlaigh. Bhí móid dílseachta an tsaighdiúra i gcló sna teangacha éagsúla, mar shampla.