An difríocht idir athruithe ar: "An Platónachas"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (r2.6.5) (róbat ag suimiú: no:Platonisme)
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Áitíonn an Platónachas go bhfuil beitheanna ann atá intuigthe iontu féin agus atá neamhspleách ar na céadfaí. Tá leaganacha éagsúla den Phlatónachas ann: na [[Idé|hidéanna]] i gcoitinne, mar a chuir [[Platón]] agus Agaistín síos orthu; na huimhreacha, de réir thuairimí [[Jamblique de Chalcis]] nó [[Albert Lautman]]; an loighiceachas, mar a chuireann [[Gottlob Frege]] agus fealsúna eile síos air. Teoiric í, in éineacht leis an [[ainmneachas]] ([[Uilliam ó Ockham]]) agus leis an gcoincheapachas ([[Pierre Abélard]]), a thugann léargas ar an gciall atá leis na coincheapa cognaíocha (idéanna, uimhreacha, ábhar tairiscintiúil).
 
== Fealsúnacht ==
[[ImageÍomhá:Plato Pio-Clemetino Inv305.jpg|thumb|Busta Phlatón. Cóip Rómhánach.]]
Is é bunús an Phlatónachais [[Teoiric na bhFoirmeacha]]. Is iad cineálacha foirfe na réaltachta iad na foirmeacha úd, agus níl sna rudaí airithe (oibiachtaí na gcéadfaí) ach cóipeanna fabhtacha. Ní bhíonn stopadh ar bith orthu ach ag athrú, rud a bhacann orthu a bheith ann i ndáiríre. <ref>Oskar Seyffert, (1894), ''Dictionary of Classical Antiquities'', lch 481</ref> Tig linn na foirmeacha a áireamh de réir na gcoincheap uilíoch is féidir a dhéanamh amach ó oibiachtaí na gcéadfaí.<ref>ibid.</ref>
 
Deir Leabhar VI de ''An Phoblacht'' gurb í Foirm na Maithe an fhoirm is uaisle. Ise is cúis leis na hIdéanna eile, agus tá eolas agus eiseadh gach Foirme eile taobh léi. Ní féidir linn dul amach ar an bhfíoreiseadh ach trí ghníomhú an anama istigh ann féin; sin é le rá, trí úsáid an réasúin.<ref>ibid.</ref> Is í an dialachtaic an uirlis cheart chuige, agus dá bhrí sin is í buaic na n-eolaíochtaí í.<ref>ibid.</ref>
== Stair an Phlatónachais ==
=== An Platónachas sa seansaol ===
Chosain Platón an chéad leagan den Phlatónachas de réir theoiric cháiliúil na n-idéanna. Ní hé gur thug Platón cuntas iomlán ar an teoiric sin riamh, ach is í bunús an chuid is mó dá fhealsúnacht í. Is iad na saothair is tábhachtaí ''An Phoblacht'', ''Faedón'', ''An Fhleá'' agus ''Pairméiníd'', in éineacht le roinnt comhráite Sócraiteacha. Chuaigh Platón i muinín an bhéalteagaisc faoi dheireadh, é ag teacht faoi anáil Phíotágaráis agus claonadh aige chun na hIdéanna agus na hUimhreacha a ionannú, rud nach ndearna sé sna saothair ba luaithe aige.
 
[[ImageÍomhá:Athens Plato Academy Archaeological Site 3.jpg|thumb|Láithreán Acadamh Phlatón san Aithin.]]
Ar dtús cuireadh an Platónachas in iúl in agallamh Phlatón féin, agus Sócraitéas, a mháistir, á úsáid ann chun teagasc áirithe a dhéanamh, cé nach cinnte go bhfuil an teagasc sin ag cur le smaoineamh Shócraitéas mar a bhí sé i ndáiríre. Thugadh Platón a chuid léachtaí san Acadamh, limistéar a bhí taobh amuigh de mhúrtha na hAithne agus a raibh garrán naofa ann. Mhair an scoil ar feadh i bhfad, agus trí thréimhse ag baint léi - an Sean-Acadamh, an Meán-Acadamh agus an tAcadamh Nua.
 
Bhí Spéasaipas, nia Phlatón, a lean é mar cheann na scoile go dtí an bhliain 339 RCh, agus Xéineacraitéas (go dtí an bhliain 312 RCh), ar na daoine ba shuntasaí den Sean-Acadamh. Thug siad iarracht ar thuairimíocht Phíotágaráis faoi na huimhreacha a aontú le teoiric na bhfoirmeacha.
 
Sa Mheán-Acadamh (a thosaigh timpeall na bliana 226 RCh agus Airceasalás ina cheann air) ní raibh na Foirmeacha tarchéimnitheach ach le fáil san intinn réasúnach. Ba neach beo é an domhan agus a anam féin aige: an Domhan-Anam. Bhí éagsúlacht ag baint le teagasc an Phlatónachais ag an am, agus d'fhág sé a rian ar an bPíotagárásachas agus ar an bhfealsúnacht Ghiúdach (Fíoló Chathair Alasdair). Bhí sé tugtha don sceipteachas, agus ba ghnách lena lucht leanúna an Stóchas a fheannadh toisc gur chreid an dream úd go raibh an fhírinne cinnte agus gurbh fhéidir dul amach uirthi.
 
Thosaigh an tAcadamh Nua sa bhliain 155 RCh, agus Cairnéidéas ina cheann air. Bhí rian an sceipteachais fós air.
 
=== An Nua-Phlatónachas ===
Sa tríú haois AD chuir Plotinus an Nua-Phlatónachas ar bun agus blas an mhisteachais air. Ba é an tAon (an Mhaith) buaic an eisidh, agus eisean a ghin gach rud. B'fhéidir leis an anam é féin a aontú leis an Aon trí dhianmhachnamh agus trí na suáilcí. D'fhág an Nua-Phlatónachas lorg domhain ar smaoineamh an Iarthair agus ar an misteachas Críostaí.
 
Cuireadh an Acadamh ar bun arís sa tréimhse seo, agus mhair sé nó gur dhún an tImpire Iúistínian é sa bhliain 529 AD.
 
=== Platónachas na Meánaoiseanna ===
Le linn na meánaoiseanna ba mhó a cíoradh an Platónachas, agus é á chosaint go fuinniúil ar an ainmneachas. Tugadh argóint na n-[[Uilíochas|uilíoch]] ar easaontas an dá scoil, agus é ar an rudaí a chuir tús leis an bhfealsúnacht agus leis an [[eipistéimeolaíocht]] mheánaoiseach. Ba iad [[Guillaume de Champeaux]], [[Amaury de Chartres]] agus [[Gilbert de la Porrée]] mínitheoirí móra an réalachais Phlatónaigh.
 
=== Platónachas an lae inniu ===
Ba iad na cosantóirí ba thábhachtaí den Phlatónachas sa ré nua-aoiseach [[Gottlob Frege]] agus [[Bertrand Russell]], fealsúna anailíteacha a thug le fios go raibh réimse neamhspleách ann mar a bríonna na dtairiscintí loighciúla agus matamaiticiúla le fáil. Rinne [[Ludwig Wittgenstein]] an Platónachas sin a lochtú go géar in ''[[Tractatus logico-philosophicus]]'' agus é ag dul dul i muinín cineál éigin ainmneachais.
 
* Dúirt [[Kurt Gödel]] go diongbháilte gur Phlatónach é, murab ionann agus a chara [[Albert Einstein]], fear a dúirt gur de lucht Spinoza é.
== Nasc Eachtrach ==
 
* [http://www.john-uebersax.com/plato/cp.htm Platónaigh Chríostaí agus Nua-Phlatónaigh]
* [http://www.john-uebersax.com/plato/ip.htm Platónaigh Ioslamacha agus Nua-Phlatónaigh]
* [http://bcs.fltr.ucl.ac.be/SLInf4.html/ Bibliotheca Classica Selecta]
* [http://rspa.vjf.cnrs.fr/ Cnrs]
* [http://remacle.org/ Remacle]
 
<!--
* [[Sofaist]]
* [[Ointeolaíocht]]
<!---Idirvicí--->
 
[[Catagóir:Fealsúnacht]]
 
<!---Idirvicí--->
 
[[be:Плататанізм]]
19,799

edits