An difríocht idir athruithe ar: "An tSionainn"

Content deleted Content added
Zorrobot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: da:Shannon (flod)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Is í '''An tSionainn''' an [[abhainn]] is faide in [[Éire|Éirinn]]. Tá sí timpeall 400km ar fhad óna foinse i g[[Contae an Chabháin]], in [[Uladh]] go dtí go dtagann sí ar an Aigéan [[Atlantach]] idir Rinn Chiarraí i g[[Contae Chiarraí]] agus Ceann Léime i g[[Contae an Chláir]]. Tagann taoide ón bhfarraige tuairim is 100km i dtír suas chuig cathair [[Luimneach|Luimní]].
 
== Tábhacht Stairiúil ==
Ós rud é go roinneann sí formhór na hÉireann ina dhá chuid, tá tábhacht straitéiseach ar leith ag an Sionainn. Le linn riail na Sasanach, bhí garastúin móra i Luimneach agus in [[Baile Átha Luain|Áth Luain]] agus tá bearaicí míleata fós sna bailte sin.
 
Líne 9:
Bhunaigh na Lochlannaigh cathair Luimní timpeall na bliana 812 AD agus ba as a sheoladar nuair a bhíodar ag iarraidh a rial a leathnú níos domhaine i lár na hÉireann.
 
== Fo-aibhne agus Locha ==
Tá trí loch mór i gcúrsa na habhann, [[Loch Ailinn]], an [[Loch Riabhach]] agus [[Loch Deirg]].
 
I measc na fo-abhainn a dtagann isteach inti óna bruach thiar, tá An tSuc (i g[[Contae Ros Comáin]]) agus An Fheargas (i g[[Contae an Chláir]]). Ón mbruach thoir, tagann An Inne (i g[[Contae na hIarmhí]]), An Bhrosna (i g[[Contae Uíbh Fhailí]]), An Mhaoilchéirn, An Mháig agus An Daoil (i g[[Contae Luimnigh]]) agus an Fhéil (i g[[Contae Chiarraí]]).
 
== Cúrsa na hAbhann ==
[[Íomhá:Crex crex00.jpg|thumb|280px|Traonach]]
Ritheann an tSionna trí lár cothrom na hÉireann agus ní cailleann sí ach 6m d'airde idir Loch Ailinn agus Cill Dálua ar taobh theas Loch Deirg. Dá bhrí sin, is minic a bhíonn tuilte móra sa gheimhreadh ar bhruacha na h-abhann idir Cara Droma Rúisc agus Port Omna.
Líne 26:
Titeann an abha tuairim 65m d'airde idir Cill Dálua agus Luimneach a bhfuil gan ach 20km i bhfad óna chéile.
 
== Bailte ==
Is í [[Luimneach]] (daonra 100,000) an chathair is mó ar bhruach na Sionainne agus, ag teacht aduaidh óna foinse, is iad Drom Seanbhó, Cara Droma Rúisc, Ruascaigh ([[Contae Liatroma]]), Tearmann Barra, Baile an Liag ([[Contae Ros Comáin]]), Cluain Dara ([[Contae an Longfoirt]]), [[Baile Átha Luain|Áth Luain]] ([[Contae na hIarmhí]]), Beannchor ([[Contae Uíbh Fhailí]]), Port Omna ([[Contae na Gaillimhe]]), Baile Uí Bheoláin, Scairbh, Cill Dálua, Droiched Uí Bhriain ([[Contae an Chláir]]), Drom Inbhir ([[Contae Thiobraid Árann]]) agus Caisleán Uí gConaig ([[Contae Luimnigh]]) na príomh-bhailte eile.
 
Líne 32:
Ar Bhéal na Sionainne, tá Eas Géibhtine, Faing agus an Gleann ([[Contae Luimnigh]]) agus Tairbeart agus Béal Átha Longphoirt ([[Contae Chiarraí]]) suite ar an dtaobh theas agus Sionna, Caisleáin an Chláir, Baile na Cailleach, Leaba Síodach, Cill Íomair, Cill Rois agus Carraig an Chabhaltaigh ([[Contae an Chláir]]) ar an mbruach thuaidh.
 
== Calafoirt, Aerfoirt agus Tionscal ==
Cuan doimhin atá i mBéal na Sionainne agus tá trí calafoirt ann, an príomhcheann í bhFaing i g[[Contae Luimnigh]], i gcathair [[Luimneach|Luimní]] agus i gCill Rois i g[[Contae an Chláir]]. Ritheann bád farantóireachta trasna Bhéal na Sionainne idir Thairbeart agus Cill Íomair.
 
Líne 42:
Ar Bhéal na Sionainne i g[[Contae Luimnigh|Contae Luimní]] idir Faing agus Eas Géibhtine, tá Alumina Eachinis, ceann des na scaglanna alumina is mó ar domhain. Idir Cill Rois agus Cill Íomair, tá an stáisiún ginte is mó in Éirinn.
 
== Trácht agus Saoire ==
=== Iascaireacht ===
Tá clú fós ar an Sionna mar ionad iascaigh bradán, breac agus éisc garbha, go mór mór i mbailte ar nós Caisleán Uí gConaig ([[Contae Luimnigh|Contae Luimní]]), Droichead Uí Bhriain agus Cluain Lára ([[Contae an Chláir]]), Tearman Barra agus Baile an Liag ([[Contae Ros Comáin]]) agus Cara Droma Rúisc ([[Contae Liatroma]]).
 
=== Last-Iompar ===
Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann on 18ú aois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir na hÉireann canáil idir Baile Átha Cliath agus Cuan na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaíodh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canál an Abhainn Duibh síos go dtí Luimneach.
 
Tar éis tógáil an scéim ídre-leictreach, aistríodh an trácht idir Cill Dálua agus Luimneach ó Chanál an Abhainn Duibh go dti Canál Ard na Croise. Tá dhá chomhlán uisce móra i ndiaidh a chéile thart ar an stáisiúin ginte trínar féidir bád éirí nó ísliú 30m.
 
=== Trácht Saoire ===
[[Íomhá:Cluain_Mhic_Nois_2003.jpg|thumb|280px|Iarsma chaisleáin ar bhruach na Sionainne i gCluain Mhic Nois, Contae Uíbh Fhailí]]
Dúnadh an Canál Mór do last-iompar sa bhliain 1961 ach ath-osclaíodh córas Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001 nuair a thógadh córas nua chomhlán uisce idir Abhann na Mainistreach agus an tSionainn i gcathair Luimní. Faoi láthair na huaire, tá na ceangail canálacha seo a leanas ó Luimneach ar chóras na Sionainne:
Líne 61:
Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus [[Muineachán]] a cheangailt le Luimneach.
 
=== Seoltóireacht ===
 
Ceaptar gurb i nDrom Inbhir ar bhruach Loch Deirg i gContae Thiobrad Árann a bhunaíodh an céad club seoltóireachta in Éirinn ar thús an 18ú aois. Tá clubanna eile anois ann i bhFaing, i gCill Rois, i gCill Dálua, i mBaile Uí Bheoláin, in Áth Luain, i gCara Droma Rúisc agus i mbailte eile ar bhruach na h-abhann.
 
[[Catagóir:Aibhneacha Éireannacha]]
 
[[Catagóir:Luimneach]]