An difríocht idir athruithe ar: "Annála na gCeithre Máistrí"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: nl:Annalen van de Vier Meesters
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[ImageÍomhá:Annals of the Four Masters AD432 entry.jpg|thumb|right|Leathanach a thráchtann ar na himeachtaí sa bhliain [[432]]]]
Is éard atá i gceist le h'''Annála Ríochta Éireann'''<ref>http://www.sligoheritage.com/ArchCrannNaGaeilge.htm</ref> nó le h'''Annála na gCeithre Máistrí'''<ref>http://www.teachnet.ie/mhearne/2007/ann%C3%A1la.htm</ref> ná croinic mheánaoiseach a thugann cur síos ar shaol na hÉireann ó laethanta na Díleann - nó 2242 bhliain i ndiaidh chruthú an domhain, mar a deirtear sa leabhar féin - go dtí an bhliain 1616 i ndiaidh bhreith Chríost.
 
== Téacs ==
 
Tá an chuid is mó de na hannála bunaithe ar fhoinsí níos sine, cé go bhfuil bunsaothar ann freisin. Cuireadh na hannála seo i dtoll le chéile idir na blianta 1632 agus 1636 sa mhainistir Phroinsiasach i g[[Cathair Dhún na nGall]] agus chois na [[An Drobhaois|Drobhaoise]]. Na hiontrálacha a thagraíonn don 12ú haois agus do na laethanta roimhe sin, fuarthas in annála na manach meánaoiseach iad. Chuaigh na húdair i dtuilleamaí thaifid na n-uasal Gaelach ([[Annála Uladh]], cuir i gcás) le haghaidh eolas ab úire ná sin. Le cur síos a thabhairt ar na himeachtaí sa tseachtú haois déag, bhreac na húdair síos a gcuimhní cinn féin.
 
Ba é [[Mícheál Ó Cléirigh]], thar aon duine eile, a rinne an scríbhneoireacht, ach más amhlaidh féin, fuair sé cuidiú óna lán daoine léannta eile, ar nós [[Cú Choigríche Ó Cléirigh]], [[Fearghus Ó Maol Chonaire]] agus [[Cú Choigríche Ó Duibhgheannáin]]. Cé nach raibh ach Mícheál Ó Cléirigh ina Phroinsiasach i ndáiríre, d'éirigh sé coitianta "Na Ceithre Bráithre", agus ina dhiaidh sin, "Na Ceithre Máistrí", a thabhairt orthu, agus ghreamaigh an leasainm seo de na hannála féin. Ba é Fearghal Ó Gadhra, fear uasal ó [[Contae Shligigh|Chontae Shligigh]], a thug urraíocht don tionscadal.
 
As [[Gaeilge]] a scríobhadh na hAnnála seo go léir. Tá cóipeanna den lámhscríbhinn i dtaisce i g[[Coláiste na Tríonóide]], Baile Átha Cliath; in [[Acadamh Ríoga na hÉireann]]; agus i g[[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]].
 
== Aistriúchán ==
 
Ba é [[Eoghan Ó Coinnealláin]] a d'fhoilsigh an chéad aistriúchán suntasach ar na hAnnála sa bhliain 1846. Thosaigh an t-aistriúchán seo ón mbliain 1171 AD, agus níor bhac an Coinneallánach le stair ba sine ná sin. Ba é aistriúchán an Choinneallánaigh an t-aon cheann a raibh tulmhaisiú ceithre dhath air, chomh maith le mapa mór infhillte a thaispeáin bólaí dúchais na dteaghlach uasal ar fud na hÉireann. Fágadh aistriúchán an Choinneallánaigh ar leataobh agus ligeadh i ndearmad é ar feadh céad go leith de bhlianta, ach i dtús na chéad aoise fichead, cuireadh suntas san aistriúchán seo, agus cuireadh in athchló é. I ndiaidh aistriúchán an Choinneallánaigh, chuir an staraí Eoin Ó Donnabháin Béarla ar na hAnnála go léir. Fuair sé deontas £1,000 le haghaidh na hoibre seo ón stát, agus ba é an matamaiticeoir clúiteach [[William Rowan Hamilton]] a bhain amach an deontas sin dó, nuair a bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann.
Líne 16:
Ceann de na príomhfhoinsí Gaeilge iad na hAnnála dóibh siúd atá ag déanamh taighde ar stair na hÉireann roimh an mbliain 1616. Is iomaí caibidil i dtús na croinice nach bhfuil ann ach liostaí ainmneacha agus dátaí, ach níos deireanaí sa leabhar, tugann na húdair tuairisc i bhfad níos cruinne ar imeachtaí ar choinnigh siad féin cuimhne orthu, agus a lán mionsonraí ar eolas acu.
 
== Tábhacht ==
 
Iad siúd a chuireann dearcadh an lae inniu i bhfeidhm ar fhoinsí ó na laethanta a bhí, is nós leo a chur i leith na nAnnála nár chóir an iomarca muiníne a bheith agat astu ná an iomarca úsáide a bhaint astu, ós rud é nach mbacann na húdair ach le breitheanna, básanna agus gníomhartha na n-uasal Gaelach a chur i míotar gan súil ar bith a choinneáil ar fhorbairt na sochaí ná ar na himeachtaí amuigh sa saol mór. Rud nádúrtha atá ann, áfach, nó is amhlaidh gur sochaí athairlíneach chéimlathach a bhí i sochaí na nGael, agus mar sin, ní shamhlófá a mhalairt de shaoldearcadh le húdair na nAnnála ach oiread.
Líne 22:
Ón taobh eile de, is beag foinse atá fágtha againn i nGaeilge ón linn sin, agus tá na hAnnála an-fhiúntach, ó chaitear súil dhúchasach na nGael iontu, abair, ar [[an dá Éirí Amach i nDeasumhain]] agus ar [[Cogadh na Naoi mBliana|Chogadh na Naoi mBliana]].
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.newadvent.org/cathen/06163b.htm Catholic Encyclopedia: Annals of the Four Masters] {{en}}
 
== Tagairtí ==
Líne 29:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Leabhair Éireannacha]]
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]